Back
Explore every episode of the podcast Scéalta
Dive into the complete episode list for Scéalta. Each episode is cataloged with detailed descriptions, making it easy to find and explore specific topics. Keep track of all episodes from your favorite podcast and never miss a moment of insightful content.
| Title | Pub. Date | Duration | |
|---|---|---|---|
| An Phollóg Feasa | 10 Mar 2023 | 00:10:31 | |
Is páiste fiosrach é Rian ach b’fhearr leis a bheith ar a fhón ná ag iascaireacht lena athair. Ach nuair a bhuaileann sé le seanfhear cois abhann agus cloiseann sé scéal an Bhradáin Feasa, músclaíonn a chuid suime san iascaireacht. An éireoidh leis breith a bhradán feasa féin? | |||
| An Beithíoch Dearg | 10 Mar 2023 | 00:11:44 | |
Nuair a bhogann Neilí agus a mam ón gcathair go feirm Mhamó, ní mó ná sásta atá sí agus í sáinnithe faoin tuath. Ach an athróidh an scéal nuair a thagann “an t-arracht”, an beithíoch dearg, le linn na hoíche? Foghlaimeoidh sí rud beag faoin athrú agus gheobhaidh sí tuiscint nua ar an saol. | |||
| An Chathair Mhór | 10 Mar 2023 | 00:10:29 | |
D’fhág Caoimhe a baile chun a haisling a fhíorú sa chathair mhór. Ach nuair a bhíonn drochthaithí aici ar shráideanna na cathrach, athraíonn a meon agus déanann sí iarracht a bheith níos scanrúla chun í féin a chosaint. An bhfaighidh cairdeas an lámh in uachtar ar uaigneas? | |||
| Cleachtadh a Dhéanann Máistreacht | 10 Mar 2023 | 00:10:57 | |
Tá Fionn ag streachailt lena cheachtanna pianó agus a bheirt thuismitheoir ina gceoltóirí. An mbriseann an dúchas i gcónaí? B’fhéidir nach bhfuil sé ag féachaint san áit cheart. Nuair a fheiceann sé bean an bhodhráin ag barr na haille, téann sé ar aistear ceoil nua. | |||
| Eascann an Easa | 10 Mar 2023 | 00:11:28 | |
Gach bliain, ní mór d’eascann an easa dul timpeall toibreacha leighis na habhann chun iad a ghlanadh, díreach mar a rinne a athair roimhe. An uair seo, áfach, nuair a dhúisíonn sé tar éis lá oibre ollmhór, tá sé tinn. An bhfuil ainmhithe an dá chos tar éis é a thréigean? | |||
| Fáilte go Scéalta | 03 Mar 2023 | 00:00:30 | |
Tar ar thuras samhlaíochta leis an tsraith nua dhraíochtúil seo Scéalta! | |||
© My Podcast Data · Independent project · Data from Apple & Spotify