Explore every episode of the podcast Nuacht Mhall
| Title | Pub. Date | Duration | |
|---|---|---|---|
| 18 Eanáir 2025 (Tiobraid Árann) | 18 Jan 2025 | 00:06:42 | |
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Tháinig nuacht faoi bheart sos cogaidh a chur i bhfeidhm ón gcoimhlint idir an Phalaistín agus Iosrael tráthnóna Dé Céadaoin. Tagann an nuacht tar éis cúig mhí dhéag de chogadh, a thosaigh le hionsaí a rinne Hamas ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair 2023. Ón dáta sin maraíodh níos mó ná 46,000 * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS beart - deal breosla - fuel díospóireacht - debate comhaltaí neamhspleácha - independent members falscaithe - mountain fires triomach - dry weather fásra - vegetation brosna - kindling | |||
| 11 Eanáir 2025 (An Dún) | 11 Jan 2025 | 00:05:44 | |
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá déag de mhí Eanáir. is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS scoil imeasctha - integrated school reachtaíocht - legislation seiceálaithe fíricí neamhspleácha - independent fact checkers modhnóirí - moderators cónra caoladóireachta - wicker coffin scal ghréine - sunburst | |||
| 9 Samhain 2024 (Tiobraid Árann) | 09 Nov 2024 | 00:04:55 | |
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naou lá de mhí na Samhna. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Bhuaigh Donald Trump toghchán uachtaránachta Stáit Aontaithe Mheiriceá ar son an Pháirtí Phoblachtánaigh oíche Dé Máirt. Fuair sé an ceann is fearr ar Kamala Harris ón bPáirtí Daonlathach, atá ina Leas-Uachtarán reatha. Tá 270 vótá ó na coláistí toghcháin de dhíth chun tromlach a fháil agus leanann an comhaireamh ar feadh na laethanta, ach bhí sé soiléir go luath i ndiaidh an toghcháin go mbeadh an líon vótaí sin faighte ag Trump. Cé go bhfuil lucht na heite deise ag ceiliúradh, is toradh díomách atá ann do na milliúin daoine i Meiriceá agus thar lear, agus imní acu faoin éifeacht a bheidh ag an rialtas ar cearta na mban, daoine LADTA, daoine de dhath, agus ar an timpeallacht. Seo an dara téarma uachtaránachta ag Trump, tar éis a chéad téarma ó 2017-2021. Táinsíodh Trump dhá uair le linn a chéad téarma agus bhí ciontú coiriúil ina choinne i mbliana. Lánscoireadh Dáil Éireann Dé hAoine, agus olltoghchán socruithe don naoú lá is fiche de mhí na Samhna. Maidir le deireadh téarma an rialtais seo, caithfear an Dáil a lánscor roimh mhí Feabhra 2025 agus bhí ráflaí agus brú go leor ann le déanaí maidir le teacht luath an chinnidh. Tar éis leideanna ón Tánaiste Mícheal Martin agus ó Roderic O’Gorman ón gComhaontas Glas, ceannairí eile an Chomhrialtais, d’fhógair an Taoiseach Simon Harris ar Nuacht RTÉ tráthnóna Dé Céadaoin go mbeadh sé ag lorg lánscor na Dála ón Úachtarán Michael D. Higgins Dé hAoine. Dúirt sé go raibh siad ag fánacht leis an mBille Airgeadais a chur tríd ar dtús. Beidh brú ón bpobal maidir le ceist na Palaistíne agus tithíocht go háirithe sa toghchán seo. Is í an Mháirt bheag seo an lá deireanach is féidir clárú le haghaidh vótála. Tharla an chéad taispeáint Éireannach den scannán Gladiator II i mBaile Átha Cliath oíche Déardaoin, ag an bpictiúrlann The Lighthouse i Margadh na Feirme. Ba é Ridley Scott a stiúr an scannán, agus tá Paul Mescal sa phríomhpháirt, agus leanann an scéal eachtraí an scannáin ráthúil Gladiator ón mbliain 2000. Is ról mór i scannán domhanda é do Mescal, a bhfuil ag éirí leis ina ghairm le roinnt blianta anuas, ach i gcláracha agus scannáin neamhspleácha den chuid is mó. Tá sceitimíní agus bród ar an lucht féachana Éireannach chun scannán chomh mór a fheiceáíl agus príomhaisteoir Éireannach ann. Roimh an taispeáint bhí comórtas na leathcheann nó “lookalike” Paul Mescal i Margadh na Feirme. Spreagtha le heachtra i gCathair Nua Eabhrac an seachtain seo caite bunaithe ar Timothee Chalamet, dúirt an t-eagraí go raibh sé ag lorg píosa spraoi a chruthú agus an oiread sin drochnuachta le cloisteáil na laethanta seo. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS coláistí toghcháin - electoral colleges tromlach - majority an Dáil a lánscor - to dissolve the Dáil ráflaí - rumours taispeáint - showing eachtraí - events, adventures | |||
| Cothrom an Lae - 14 Márta (Tiobraid Árann) | 14 Mar 2023 | 00:02:17 | |
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an ceathrú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh. Cothrom an lae seo sa bhliain 1879 rugadh an fisiceoir Albert Einstein. Tá cáil ar Einstein as forbairt a dhéanamh ar Theoiric na Coibhneasachta. Chomh maith leis sin rinne sé obair thábhachtach ar theoiric na meicnice candamaí. Le chéile tá an dá réimse sin ina ndá philéar den fhisic nua-aimseartha. Tugtar ‘an cothromóid is cáiliúla ar domhan’ ar fhoirmle Einstein E = mc 2, a bhaineann le Teoiric na Coibhneasachta. Bhuaigh Einstein an Duais Nobel na Fisice i 1921 'as a chuid seirbhisí ar son na fisiceteoiriciúla agus go háirithe as fionnachtain dhlí na hiarmharta fótaileictrí’. Mar thoradh ar a chuid gaiscí agus nuálaíochta, tá an t-ainm Einstein comhchiallach le hardéirim agus ceiliúrtar Einstein fós mar cheann de na heolaithe ab fhearr sa stair. Chaith Einstein deireadh a ghairme ag obair ar dhá thurgnamh neamh-rathúla, ceann acu in aghaidh teoiric an chandaim, in ainneoin na hoibre tábhachtaí a rinne sé ar an topaic cheana. Mar thoradh air seo chríochnaigh Einstein a ghairm ar leithlis ón bhfisic nua-aimseartha, an réimse a chabhraigh sé lena bhunú. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS fisiceoir - physicist candam - quantum Teoiric na Coibhneasachta – Theory of Relativity cothromóid – equation fionnachtain - discovery | |||
| Cothrom an Lae - 13 Márta (An Dún) | 13 Mar 2023 | 00:01:51 | |
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an tríú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Cothrom an lae seo sa bhliain 1781, thángthas ar an phláinéad Úránas, an chéad phláinéad a thángthas air ón chianaois. Agus é ag tabhairt faoi shuirbhéireacht ar na réaltaí, thug an réalteolaí Sasanach, William Herschel, faoi deara go raibh rud ag bogadh os comhair na réaltaí. Ar dtús, shíl sé gur cóiméad a bhí ann. Ach níos moille, agus níos mó staidéir déanta air, tuigeadh gur pláinéad a bhí ann, agus tugadh an t-ainm Úránas air, in ómós do cheann de sheandéithe na Gréige. I miotaseolaíocht na tíre sin, dia na spéire ab ea Úránas, a bhí pósta le Gáia, bandia an talaimh, agus ba iad na Tíotáin an chlann a bhí acu. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS réalteolaí - astronomer cóiméad - comet seandéithe na Gréige - ancient Greek gods | |||
| Cothrom an Lae - 12 Márta (Maigh Eo) | 12 Mar 2023 | 00:04:23 | |
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an dara lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna. Cothrom an lae seo sa bhliain 1689, tháinig James Stuart i dtír in Éirinn i gCionn tSáile. Ag an am bhí sé ina iar-rí ar Alban, ar Shasana agus ar Éirinn, agus dár leis, ar an bhFrainc chomh maith. Bhí sé ag iarraidh an choróin a bhaint ar ais ó William Oráiste, le taca mhuintir Chaitliceach na hÉireann. Gheall sé saoirse reiligiúin dóibh, agus aisíoc talún a gabhadh i réimeas Chromail. Bhí claontacht air i gcoinne Protastúnach, agus thug sé gach post sinsearach ina rialtas nó ina airm do Chaitlicigh, agus sula i bhfad bhí cogadh cathartha a bhain le reiligiún, talamh agus eitneacht spreagtha aige in Éirinn. Ní raibh aon airgead aige, agus mar sin rinne sé mona práinneach, an ‘mona gunnaí’, as gach saghas de dramh-mhiotal práis nó copair a bhí le fáil, mar shean-chloig, gunnaí móra agus a leithéid, le gealltanas go bhfuasclódh sé in óir agus in airgid é nuair a bhfaigheadh sé an choróin ar ais, rud nár tharla. Tháinig na mílte saighdiúir Francach leis, ar an lá seo agus níos déanaí. Acht tar éis bhriseadh Chath na Bóinne air chaill sé a dhóchas agus sciob sé ar ais go dtí an Fhrainc chomh tapaidh agus ab fhéidir leis, agus a airm ag troid fós ar a shon in Éirinn gan pháigh. Lean na Seacaibítigh ar aghaidh go deireadh an dara Léigear Luimnigh i mí Dheireadh Fómhair 1691, nuair a ghéill siad faoi théarmaí Chonradh Luimnigh. Ní raibh aon mhaitheas sa gconradh sin mar sáraíodh a airteagail shibhialta leis na Péindlíthe díreach ina dhiaidh; agus deirtear go ndúirt Pádraig Sáirséal “change but kings with us, and we will fight it over again with you” agus é ag idirbheartú an chonartha leis na hUilliamaítigh. Mar gheall ar an dochar a rinne sé agus a chuid meatacht phearsanta, is minic a thugtar “Séamas a’ Chaca’ ar an rí Stuart deireanach in Éirinn. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS réimeas – reign mona práinneach – emergency money dramh-mhiotal – refuse metal na Péindlíthe – the Penal Laws meatacht – cowardice | |||
| 11 Márta 2023 (Baile Átha Cliath) | 11 Mar 2023 | 00:04:11 | |
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Liam Ó Brádaigh. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS comhionannas inscne - gender equality neamh-idirdhealú - non-discrimination cosc ar dhíshealbhú - eviction ban brúnna - hostels/shelters rigeáilte - rigged líon tinrimh - attendance | |||
| Cothrom an Lae - 11 Márta (Luimneach) | 11 Mar 2023 | 00:01:52 | |
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an t-aonú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Sibéal Dempsey. Cothrom an lae seo sa bhliain ocht déag ocht déag, foilsíodh an leabhar Frankenstein. Is úrscéal gotach agus ficsean eolaíochta é Frankenstein. Ba í an t-údar Mary Shelley, iníon an fheiminigh Mary Wollstonecraft a scríobh é, nuair nach raibh sí ach naoi mbliana déag d'aois. Insíonn sé scéal eolaí a chruthaíonn créatúr mothaitheach i dturgnamh eolaíochta. Nuair a dhiúltaíonn an t-eolaí an créatúr, téann sé ag fánaíocht, ag lorg agus gan teacht ar chompánaigh dó féin. Ó shin, rinneadh scannáin, cláir theilifíse agus drámaí den scéal, agus an leagan is luaithe in naoi déag tríocha a haon. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS gotach - gothic turgnamh eolaíochta – scientific experiment | |||
| Cothrom an Lae - 10 Márta (Dún na nGall) | 10 Mar 2023 | 00:02:36 | |
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an t-aonú lá de mhí an Mhárta. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Cothrom an lae seo sa bhliain 1876, rinne Alexander Graham Bell an chéad scairt teileafóin ar domhan, nuair a d’éirigh leis ceangal intuigthe a bhunú lena chúntóir a bhí i seomra teorantach. Ghair sé ar a chúntóir saotharlainne, Thomas Watson, leis na focail, “A Watson–tar anseo–ba mhaith liom tú a fheiceáil,” de réir nótaí saotharlainne a scríobh Bell. Mac d’eolaí agus de phianódóir ab ea Bell: bhí a mháthair bodhar agus mhúin a athair daoine bodhra, rud a rinne Bell é féin agus é i Meiriceá. Nuair a bronnadh duais air ó rialtas na Fraince ar son gaisce in eolaíocht leictreach in 1880, d’úsáid sé an t-airgead duaise le Saotharlann Volta a bhunú, institiúid a bhí tiomanta do staidéar ar an bhodhaire agus d'fheabhsú shaol na ndaoine bodhra. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS pianódóir – pianist bodhaire - deafness | |||
| Cothrom an Lae - 9 Márta (Baile Átha Cliath) | 09 Mar 2023 | 00:02:03 | |
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an naoú lá de mhí an Mhárta. Is mise Liam Ó Brádaigh. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS mainicín faisin - fashion model corpíomhá neamhréadúil - unrealistic body image | |||
| Cothrom an Lae - 8 Márta (Ciarraí) | 08 Mar 2023 | 00:04:57 | |
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an t-aonú lá de mhí an Mhárta. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Cothrom an lae seo sa bhliain 1910, ba í Raymonde de Laroche an chéad bhean a fuair ceadúnas píolóta. Rugadh i bPáras na Fraince í sa bhliain 1882. Bean spórtúil ab ea í agus thaithin gluaisrothair agus cartacha go mór lei. Bhí cáil uirthi leis mar aisteoir roimhe. Spreagadh í san eitlíocht nuair a chur sí aithne ar eitleoirí eile. Chuaigh turas na ndeartháireacha Wright sa bhliain 1908 i gcion go mór uirthi freisin. Thosnaigh sí ag foghlaim conas eitilt sa bhliain 1909 sa bhaile Chalons, 140 ciliméadar taobh amuigh de Pháras. Chabhraigh an píolóta Charles Voisin léi taithí a fháil ar conas eitleán a láimhseáil. De réir a chéile d’éirigh léi eitleán a phíolótú go neamhspleách. Sa bhliain 1910, fuair sí roinnt cuirí go dtí taispeántais eitleáin timpeall an domhain. Bhí gradaim ann don té a bhainfeadh amach an luas, airde agus fad ab fhearr. Chuaigh sí ar turas go dtí Caireo san Éigipt, Cathair Pheadair sa Rúis agus Búdaipeist na hUngáire. Bhí roinnt timpistí aici ach lean sí ar aghaidh i gcónaí. Sa bhliain 1913, bhuaigh sí an gradam Coupe Femina, duais do phíolótaí baineanna as gnóthú thar na bearta a bhaint amach le heitilt 323 ciliméadar. Tháinig deireadh lena cuid aistear nuair a thosnaigh an Chéad Chogadh Domhanda. Thóg sí post mar thiománaí ag iompar saighdiúirí. Nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh, thosnaigh sí ag eitilt arís. Sa bhliain 1919 chuaigh sí thar na bearta ní b'fhaide arís ar airde 4800 méadar. Ní amháin go raibh sí ag eitilt, bhí cáil uirthi mar innealtóir éirimiúil ag tástáil eitleán mar theastaigh uaithi caighdeán ní b'fhearr a bheith ar an margadh. I mí Iúil 1919 bhí sí amuigh ag tástáil, agus thuairteáil an t-eitleán agus bhuail sé an talamh. Fuair sí bás agus í 36 bliain d’aois. Deintear comóradh ar Raymonde de Laroche ag Seachtain Dhomhanda Mhná na hEitlíochta i mí an Mhárta agus tá dealbh di le feiceáil san aerfort Le Bourget i bPáras. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS ceadúnas píolóta - pilot's licence eitlíocht - aviation cuirí - invitations | |||
| Cothrom an Lae - 7 Márta (Tír Eoghain) | 07 Mar 2023 | 00:02:26 | |
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an seachtú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail. Cothrom an lae seo sa bhliain 1917, eisíodh an chéad cheirnín ar a tugadh “snagcheol”, nó “jazz” sa Bhéarla. Ba é an Dixieland Original Jass Band a chum agus a sheinn “Dixieland Jass Band One-Step”. Ceaptar gur in New Orleans a cruthaíodh an seánra ceoil seo, nuair a bhíodh Afra-Mheiriceánaigh ag ceol agus ag damhsa i gCearnóg an Chongó sa chathair. Cuireadh gnéithe de chultúr na hAfraice, go háirithe an rithim, le chéile le ceol Cairibeach agus ceol Eorpach chun snagcheol a chruthú. Mar sin, deirtear gurb é an snagcheol an t-aon fhoirm ealaíne a cruthaíodh sna Stáit Aontaithe, agus ba mhór an tionchar a bhí ag an cheol seo, in éineacht le ceol gaspal agus na gormacha, ar phopcheol i rith an 20ú céad agus fós inniu. Go deas! * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS ceirnín – record snagcheol - jazz seánra - genre | |||
| Cothrom an Lae - 6 Márta (Gaillimh) | 06 Mar 2023 | 00:02:13 | |
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an séú lá de mhí an Mhárta. Is mise Ella Hassett. Cothrom an lae seo sa bhliain 1972, rugadh Shaquille Rashaun O'Neal, nó 'Shaq', iar-imreoir cispheile Meiriceánach gairmiúil agus duine de na himreoirí cispheile is fearr agus is cáiliúla ar domhain. Chaith sé naoi mbliana déag ag imirt cispheile sna Stáit Aontaithe, ar fhoirne ar nós na Los Angeles Lakers, agus bhuaigh sé Ceannchluiche an Chumainn Náisiúnta Cispheile ceithre uaire i rith a ghairme. Tá sé 7 dtroithe 1 orlach ar airde. Chomh maith leis an spórt, rinne Shaq ceirníní rapcheoil agus rinne sé aisteoireacht i roinnt scannán agus clár teilifíse i gcaitheamh na mblianta. Faoi láthair, tá sé ag obair mar anailísí spóirt ar an teilifís agus mar óstach podchraolta freisin. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS cispheil - basketball troigh - foot orlach - inch anailísí - analyst óstach - host | |||
| 2 Samhain 2024 (Tír Eoghain) | 02 Nov 2024 | 00:06:46 | |
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail. Cailleadh níos mó ná dhá chéad duine sa Spáinn an tseachtain seo nuair a bhuail tuilte lár, oirthear agus deisceart na tíre, go háirithe sa réigiún València. Tharla na tuilte i ndiaidh fearthainn an-trom ar fad, agus scriosadh feithiclí, droichid agus soilsí sráide le linn na tubaiste. Ní fios cé mhéad duine atá fós ar iarraidh ach is léir gurb iad seo na tuilt e is measa agus is marfaí sa Spáinn i stair na linne seo. Tá tarrthálaithe ag dianchuardach na gceantar a bualadh agus tá an rialtas náisiúnta i ndiaidh cúig mhíle saighdiúir a sheoladh isteach chun cuidiú leis na hiarrachtaí seo. Tá rabhadh aimsire oráiste fós i bhfeidhm in València agus sa Chatalóin. Scríobh Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUiginn litir chomhbhróin ar son mhuintir na hÉireann chuig Rí Felipe VI sa Spáinn. Tugadh bata agus bóthar do bhainisteoir Manchester United Erik ten Hag ag tús na seachtaine, i ndiaidh dhá bhliain go leith sa phost. D'éirigh réasúnta maith leis ar dtús, agus dhá chorn buaite aige, ach níor thóg sé United ar ais go barr na sraithe agus ba léir nach raibh úinéirí ná lucht leanúna an chlub sásta leis. Ba é ten Hag an cúigiú bainisteoir buan a bhí ag an chlub ó chuaigh Alex Ferguson ar scor sa bhliain 2013, ach is iad a gcomharsana Manchester City atá chun tosaigh na laethanta seo. Bhí laoch an chlub agus comhthíreach ten Hag Ruud van Nistelrooy i gceannas ar an fhoireann le haghaidh cluiche amháin, ina bhfuair siad an bua ar Leicester City le scór 5-2, ach tá bainisteoir buan nua tagtha isteach anois, Rubén Amorim as an Phortaingéil, a bhain rath amach mar bhainisteoir den chlub Sporting i Liospóin. Tá Oireachtas na Samhna ar siúl i gCill Airne an tseachtain seo, agus Gaeil ó gach cearn den domhan bailithe le chéile chun an teanga agus an cultúr a cheiliúradh. Seoladh an fhéile Dé Céadaoin le hóráidí ó Uachtarán an Oireachtais Pádraig Mag Fhearghusa agus Aire Stáit na Gaeltachta, Spóirt & Corpoideachais, Thomas Byrne TD. Bronnadh duaiseanna Chomórtas Liteartha an Oireachtais agus Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ar an lá céanna. I measc imeachtaí eile, bhí seoltaí leabhair, díospóireachtaí, comórtais amhránaíochta agus damhsa, agus seoladh nuachtán clóite nua, An Páipéar, atá ar fáil ar bhonn seachtainiúil ó thús na míosa seo. Beidh Oireachtas na Samhna ag dul ó thuaidh go Béal Feirste an bhliain seo chugainn, den chéad uair ó bhí 1997 ann. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS tarrthálaithe - rescuers rabhadh aimsire oráiste - orange weather warning litir chomhbhróin - letter of condolence comhthíreach - fellow countryman nuachtán clóite - print newspaper ar bhonn seachtainiúil - on a weekly basis | |||
| Cothrom an Lae - 5 Márta (Tiobraid Árann) | 05 Mar 2023 | 00:02:10 | |
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an cúigiú lá de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh. Cothrom an lae seo sa bhliain 1960 tógadh ‘an griangraf is cáiliúla ar domhan’. Thóg Alberto Korda an grianghraf Guerillero Heroico, portráid de réabhlóidí Marxach Che Guevara in Havana, Cúba, ag cuimhneachán ar son íospartaigh phléasc La Coubre. Bhí Che Guevara tríocha a haon bliain d’aois nuair a tógadh an grianghraf agus cuireadh é chun bás seacht mbliana ina dhiaidh, in 1967. Deir an iarsmalann Victoria and Albert go n-athchruthaítear an t-íomhá níos minice ná aon íomhá eile i stair na grianghrafadóireachta, agus leaganacha déanta i bpéint, i bprionta, go digiteach, ar éadaí, tatúnna agus beagnach gach meán eile atá ar fáil. Rinne ealaíontóir Éireannach darbh ainm Jim FitzPatrick an chéad dearadh den phóstaer stílithe cáiliúil den íomhá i ndubh agus dearg. Tá aitheantas ag an íomhá ar fud an domhain, i ngach teanga agus deir saineolaí nach bhfuil siombail ar bith cosúil leis sa stair. Tá leabhair agus cláir faisnéise bunaithe ar an íomhá chomh maith. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS réabhlóidí - revolutionary cuimhneachán - commemoration aitheantas - recognition | |||
| Cothrom an Lae - 4 Márta (An Dún) | 04 Mar 2023 | 00:01:56 | |
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an ceathrú lá de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Cothrom an lae seo sa bhliain 1678, tháinig ceoltoir agus cumadóir Antonio Vivaldi ar an saol i Venice, san Iodáil. Tríd a shaol, chum Vivaldi go leor píosaí tábhachtacha agus aitheanta de cheol barócach, agus is fearr aithne air mar chumadóir an choinséartó “Na Ceithre Shéasúr”. I ndiaidh dó bualadh leis an Impire Naofa Rómhánach Séarlas VI, bog Vivaldi go Vín agus é ag súil le tacaíocht ríoga, ach fuair an tImpire bás go gairid ina dhiaidh sin agus d'éag Vivaldi féin agus é beo bocht an bhliain dár gcionn. Ina ainneoin sin, is mór an tionchar a bhí ag Vivaldi ar cheol clasaiceach sa domhan thiar, agus thángthas faoi athbheochán ar a cheol le deanaí i gceolfhoirne thart an domhain. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS cumadóir - composer ceol barócach - baroque music Impire Naofa Rómhánach - Holy Roman Emperor ceolfhoirne - orchestras | |||
| 4 Márta 2023 (Luimneach) | 04 Mar 2023 | 00:06:31 | |
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an ceathrú lá de mhí an Mhárta. Is mise Sibéal Dempsey. Ar an seachtú lá is fiche de mhí Feabhra d’fhógair Rishi Sunak “Creatlach Windsor” – leagan nua de phrótacal Thuaisceart Éireann a comhaontaíodh tar éis ceithre mhí d’idirbheartaíocht leis an Aontas Eorpach. Tugann an comhaontú “coscán éigeandála” do rialtas na Ríochta Aontaithe ar dhlíthe nua an Aontais Eorpaigh a chuirfear i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann má chuireann polaiteoirí sa chúige ina gcoinne. Cruthaíonn sé lána glas nua freisin do thrádálaithe, a bhaineann an teorainn le haghaidh earraí tomhaltóra as Muir Éireann, ag laghdú na riachtanas maidir le páipéarachas agus seiceálacha agus dualgais eile. Beidh seiceanna fós ag teastáil le haghaidh earraí sa lána dearg. Glacadh go dearfach leis an margadh go ginearálta cé is moite de lucht an Bhreatimeachta agus baill áirithe den Pháirtí Aontachtach Daonlathach, Ian Paisley ina measc. D’fháiltigh rialtas na hÉireann roimhe mar “chaibidil nua” sa chaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe. D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley go raibh sí ag cur moill ar na pleananna chun roinnt scrúduithe na hArdteistiméireachta a bhogadh go dtí an cúigiú bliain. Bhí sé i gceist go ndéanfaí an cinneadh bunaidh sa bhliain fiche fiche agus bhí sé i gceist an brú a mhaolú ar scoláirí na hArdteistiméireachta trína gcuid scrúduithe a scaipeadh thar thréimhse dhá bhliain. Tá cur síos déanta ag Aontas Múinteoirí Éireann ar an gcinneadh mar “fhorbairt fháilteach” ar an mbonn nár cuireadh bunús an togra i láthair riamh. Dúirt Ms Foley nár léirigh sé seo nach mbeadh athruithe eile ag dul ar aghaidh mar chuid den athbhreithniú níos leithne ar an Ardteistiméireacht. Áiríodh sna pleananna níos leithne seo, daichead faoin gcéad de na marcanna ag teacht ó mheascán d’obair thionscadail, ó scrúdú cainte agus ó chleachtaí praiticiúla agus bunú “scoileanna líonra” a sheolfadh ábhair nua ar nós drámaíochta, scannánaíochta agus staidéar amharclainne. Tá Raidió na Gaeltachta ag leanúint lena chomóradh caoga bliain le roinnt ceolchoirmeacha a bheith ar siúl ar fud na tíre. Bhí ceann acu ar siúl an tseachtain seo caite in Amharclann Ghaoth Dobhair agus beidh dhá cheann eile ar siúl an mhí seo chugainn i gConamara agus i mBaile Bhúirne. Nuair a seoladh an stáisiún den chéad uair bhailigh sé taifeadtaí de mhuintir na hÉireann, cartlann luachmhar de chuid na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh. Inniu craolann sé raon ábhar lena n-áirítear spórt, ceol agus nuacht. Rinne Údarás Craolacháin na hÉireann taighde le déanaí freisin a thug le tuiscint go mbeadh an seans ann go n-éistfeadh tríocha ocht faoin gcéad de dhaoine idir cúig bliana déag agus tríocha a ceathair le stáisiún nua Gaeilge ar an gcoinníoll go gcloisfeadh sé ‘an ceol ceart, go gclúdódh sé ceisteanna atá tábhachtach don spriocghrúpa, agus d'fhéadfadh sé go mbeadh sé saor ó fhógraí.' * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS creatlach - framework earraí tomhaltóra - consumer goods an Ardteistiméireacht - the Leaving Cert obair thionscadail - project work cartlann luachmhar - valuable archive coinníoll - condition | |||
| Cothrom an Lae - 3 Márta (Maigh Eo) | 03 Mar 2023 | 00:03:05 | |
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an tríú lá de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna. Cothrom an lae seo sa bhliain 1861, cuireadh saoradh sheirfigh na Rúise i bhfeidhm trí fhorógra an tSáir Alastar a Dó. Fuair thart ar 23 milliún duine, 38% de dhaonra na Rúise ag an am, a gcuid saoirse. Roimhe sin, díoladh agus ceannaíodh na seirfigh thalún leis an talamh a bhaineadar leis, gan ceart pósta gan cead a dtiarna talún, gan ceart taistil, gan ceart a réadmhaoin nó comhlacht féin a bheith acu, agus le dualgas trom obair a thabhairt don tiarna i rith na bliana; agus ní raibh sna seirfigh thí acht sclábhaithe. Dúirt an Sár go raibh sé ní b’fhearr deireadh a chur leis an seirfeachas ón mbarr, ná fanacht go ndíothóthaí é ón mbun. Fuair na seirfigh thalún deis cuid den talamh ar a d’oibrigh siad a cheannacht, fiú ar phraghas ard agus uaireanta bhí an giota beag talún róbheag chun maireachtáil a gclainne a bhaint amach; agus níor tugadh aon deis talamh a cheannacht do na seirfigh thí. Cé go raibh an feidhmiú go mall le deacrachtaí móra, d’athraigh an saoradh sochaí na Rúise go mór, agus chuir sé deireadh leis an gcóras ina raibh anamacha i seilbh sa Rúis go deo. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS forógra – proclamation seirfeach – serf réadmhaoin – property | |||
| Cothrom an Lae - 2 Márta (Luimneach) | 02 Mar 2023 | 00:01:47 | |
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an dara lá de mhí an Mhárta. Is mise Sibéal Dempsey. Cothrom an lae seo sa bhliain ocht déag, tríocha a sé, d’fhógair Texas a neamhspleáchas ó Mheicsiceo go foirmiúil, tar éis cogadh a mhair timpeall sé mhí. Ansin cruthaíodh Poblacht Texas. Deirtear gur tharla an cogadh de bharr roinnt cúinsí, difríochtaí idir muintir Mheicsiceo agus muintir Texas ó thaobh cultúir de san áireamh, chomh maith le dearcaí i leith na sclábhaíochta agus an rialtais. Bhí Poblacht Texas ann ar feadh tréimhse deich mbliana, go dtí gur ionghabh na Stáit Aontaithe an stát agus gur ligeadh isteach san Aontas é. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS neamhspleáchas – independence ionghabh - annex | |||
| Cothrom an Lae - 1 Márta (Dún na nGall) | 01 Mar 2023 | 00:02:54 | |
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an t-aonú lá de mhí an Mhárta. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Cothrom an lae seo sa bhliain 1896, tháinig an fisiceoir Henri Becquerel ar fhionnachtain cheannródaíoch de thimpiste, agus é i measc tástáil ag lorg fianaise ar son a theoiric mhícheart go n-ionsúnn salainn úráiniam atá tineghealánach solas na gréine agus go n-astaítear é mar x-gha. An rud a bhfaca sé ná gur astaigh an t-úráiniam radaíocht gan spreagadh ar bith ón ghrian. In 1898 thosaigh Marie agus Pierre Curie ag déanamh staidéir ar úráiniam i bPáras, agus in 1903, roinn Becquerel agus Muintir Curie Duais Nobel ar son a gcuid saothar a bhain le radaighníomhaíocht. Is scéal cáiliúil é faoi fhionnachtain de thaisme: ach is scéal nach bhfuil a oiread sin clú air ná gur tháinig an grianghrafadóir Abel Niépce de Saint-Victor ar an fhionnachtain chéanna de thimpiste fosta, 40 bliain roimh Becquerel. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS fhionnachtain cheannródaíoch - pioneering discovery salainn úráiniam atá tineghealánach – phosphorescent uranium salts astaigh – emit radaighníomhaíocht - radioactivity | |||
| 25 Feabhra 2023 (Tír Eoghain) | 25 Feb 2023 | 00:05:16 | |
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá vótáil ar siúl sa Nigéir inniu sa toghchán uachtaránachta is iomaíche a tharla le blianta fada. De ghnáth, bíonn dhá pháirtí mhóra san iomaíocht - Comhdháil na bhForasaithe Uile (APC) agus Páirtí Daonlathach an Phobail (PDP) - ach i mbliana tá ag éirí go maith le Páirtí an Lucht Oibre. Síltear go bhfuil daoine óga atá ag vótáil den chéad uair i bhfabhar iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre, Peter Obi, go háirithe i ndeisceart na tíre. Don té a thabharfaidh an lá leis, beidh a lán dúshlán aige. Tá fadhbanna ann le hathdhearadh an airgeadra, chomh maith le cúrsaí geilleagair, fostaíochta agus slándála. Táthar ag súil go bhfógrófar na torthaí laistigh de chúpla lá. Scaoileadh póilín ar an Ómaigh oíche Dé Céadaoin. Ní raibh an Bleachtaire Príomhchigire John Caldwell ar dualgas ag an am; bhí sé ag cur liathróidí i mbúit a chairr tar éis seisiún peile le daoine óga, agus bhí a mhac in aice leis ag an am. Chuaigh Caldwell faoi scian ach tá a bheatha fós i mbaol. Meastar gurb iad easaontóirí poblachtacha atá taobh thiar den ionsaí, agus tá cúigear fear faoi choimeád na bpóilíní sa chontae faoi láthair. Tháinig ceannairí na gcúig pháirtí mhóra le chéile chun an t-ionsaí a cháineadh. Is fada ó chonacthas le chéile iad ach de réir tuairiscí is cosúil go bhfuil margadh nua maidir le Prótacal an Tuaiscirt aontaithe ag an Ríocht Aontaithe agus an Aontas Eorpach. Chuige seo, dúirt an DUP nach rachaidís ar ais i dTionól Thuaisceart Éireann gan margadh níos fearr. Cothram an deiridh seachtaine seo bliain ó shin a chuir an Rúis tús leis an ionradh san Úcráin. Ón am sin, tá na mílte marbh agus níl aon chosúlacht ar an scéal go mbeidh deireadh leis an chogadh gan mhoill, cé go bhfuil Uachtaráin an dá thír ag maíomh go mbeidh an bua acu go luath. Thug Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden cuairt ar Chív le linn na seachtaine, rud nach raibh daoine ag súil leis, agus d'eisigh Rialtas na Síne páipéar maidin Dé hAoine ina ndéantar éileamh ar chainteanna síochana ach deirtear fosta go bhfuil an tSín ag smaoineamh ar airm a thabhairt do na Rúisigh. San Úcráin féin, eisíodh stampa nua ar a bhfuil íomhá de mhúrphictiúr de chuid Banksy agus na litreacha FCK PTN. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * iarrthóir - candidate athdhearadh an airgeadra - currency redesign ar dualgas - on duty easaontóirí poblachtacha - republican dissidents ionradh - invasion múrphictiúr - mural | |||
| 18 Feabhra 2023 (Ciarraí) | 18 Feb 2023 | 00:06:05 | |
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Tháinig Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Rishi Sunak go Béal Feirste chun bualadh le ceannairí na bpáirtithe polaitiúla in Stormont. Dúirt Ceannaire an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh Jeffrey Donaldson go raibh dul chun cinn déanta leis an idirbheartaíocht idir Londain agus an Bhruiséal ach caithfidh níos mó obair a bheith déanta chun teacht ar mhargadh. Ceaptar go mbeidh réiteach idir an dá linn ar chúrsaí trádála, go mbeidh saorghluaiseacht ar earraí ag dul ón Tuaisceart go Poblacht na hÉireann mar a bhí eagraithe tar éis an Bhreatimeachta. Ach ansin bhí bacanna eacnamaíochta ar earraí ag dul ón Ríocht Aontaithe go dtí Tuaisceart Éireann. Braitheann an comhaontú seo ar dhílárú Stormont agus ar theacht ar réiteach chun na hinstitúidí polaitíochta a chur i bhfeidhm arís. D’fógair Nicola Sturgeon go mbeidh sí ag éirí as mar Chéad-Aire na hAlban. Chaith sí os cionn ocht mbliana mar cheannaire ar Pháirtí Náisiúnta na hAlban. Ba í an chéad bhean riamh a sheas mar Chéad-Aire agus a chaith an tréimhse is faide sa ról sin. Dúirt sí gur bhraith sí ina ceann agus ina croí go raibh sé in am eirí as. Fanfaidh sí mar Chéad-Aire go dtí go mbeidh a comharba tofa. Baineadh cor coise as Sturgeon agus an SNP le deanaí nuair a Rialaigh an Chúirt Uachtarach in aghaidh reifreann eile a reachtáil chun neamhspléachas ón Ríocht Aontaithe a bhaint amach. Buaileadh go dona iad leis, nuair a theip ar an bPáirtí Náisiúnta bille trasinscneach a thabhairt isteach, bille a thabharfadh cead do dhaoine trasinsneacha a n-inscne a athrú gan gá le diagnóis shíciatrach. Tá cúpla duine ainmithe mar iarrthóirí san iomaíocht cheannaireachta: John Swinney, Kate Forbes agus Angus Robertson. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS idirbheartaíocht - negotiation saorghluaiseacht - free movement comharba - successor cor coise - setback deineadh/dhein = rinneadh/rinne smionagar - debris blúiríní - snippets | |||
| 11 Feabhra 2023 (Ard Mhacha) | 11 Feb 2023 | 00:05:49 | |
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá deag de mhí Feabhra. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Tá Cúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe i Londáin i ndiaidh rialú go bhfuil Prótacal an Tuiscirt “dleathach”. Ghlac Ceannaire an TUV Jim Allister agus Aontachtaithe mór le rá eile an cás chuig an Chúirt, agus iad ag argóint nach bhfuil an prótacal ag teacht le hAcht an Aontais ná le Comhaontú Aoine an Chéasta, cé nach raibh an DUP i bhfabhar an Chomhaontaithe nuair a síníodh é cúig bliana is fiche ó shin. Ní raibh aon ghlacadh ag an Chúirt leis an mhaíomh sin agus go bhfuil an chumhacht ag Rialtas na Breataine an prótacal a chur i bhfeidhm. In ainneoin rialú na Cúirte, dúirt na ceannairí Aontachtacha gur cruthaíodh go raibh an ceart acu. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS crith talún - earthquake cogaíocht - warfare eitleáin chogaidh - warplanes sciatháin - wings Cúirt Uachtarach - Supreme Court maíomh - claim | |||
| 4 Feabhra 2023 (An Clár) | 04 Feb 2023 | 00:05:49 | |
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tá an pobal Meiriceánach Afracach ag caoineadh marú eile de chuid na bpóilíní nuair a tháinig físeán chun solais ina bhfuair Tyre Nichols bás. Ar an seachtú lá de mhí Eanáir, stopadh Nichols agus é ag tiomáint abhaile in Memphis. Dúirt na póilíní go raibh Nichols ag tiomáint go contúirteach ach níl aon fhianaise ann go raibh sé. San fhíseán, is féidir a fheiceáil gur thosaigh cúigear póilíní ag greadadh Nichols ar feadh trí nóiméad. Tógadh Nichols go dtí an t-ospidéal ach fuair sé bás trí lá ina dhiaidh. Ar an seachtú lá is fiche de mhí Eanáir, chuir an Rannóg Póilíneachta in Memphis físeán den eachtra amach agus chaill an cúigear a bpost. Spreag an eachtra díospóireacht faoi bhrúidiúlacht na bpóilíní arís i Meiriceá. Bhí agóidí ar siúl ar fud na tíre an tseachtain seo caite agus rinne an tUachtarán Joe Biden achainí ar son na síochána. Den chéad uair i stair stáit na hÉireann, beidh lá saoire bainc in ómós do Naomh Bríd Dé Luain seo chugainn. Is é an chéad lá saoire bainc atá ann in Éirinn chun comóradh a dhéanamh ar bhean. Dúirt an Rialtas go dtabharfaidh an lá saoire seans dúinn ról na mban i stair na hÉireann a chéiliúradh. Tá roinnt scéalta faoi Bhríd mar gheall ar na míorúiltí a rinne sí, de réir an traidisiúin Chaitlicigh, ach tá Bríd ceangailte leis an bpágántacht chomh maith. Tá a lán daoine den thuairim go raibh Bríd ina bandia sula raibh sí ina naomh Críostaí. I miotaseolaíocht na gCeilteach, bhí Bríd mar bhandia an leighis, na tine, agus na filíochta. Tugadh an t-ainm ‘Imbolc’ ar an gcéad lá den Earrach sa traidisiún Ceilteach. D’ordaigh Cumann Lúthchleas Gael an cluiche ceannais idir Crócaigh Chill Mochuda agus an Gleann i gcomórtas peile na gclubanna a athimirt. Bhuaigh na Crócaigh an cluiche coicís ó shin le dhá chúilín, ach thosaigh an chonspóid díreach i ndiaidh an chluiche nuair a tugadh faoi deara go raibh seisear déag imreoirí de chuid na gCrócach ar an bpáirc ar feadh cúpla nóiméad ag deireadh an chluiche. Nuair a thuig na Crócaigh a mbotún, bhain siad an t-imreoir breise as an bpáirc, ach rinne an Gleann gearán oifigiúil le Cumann Lúthchleas Gael. Tháinig cor eile sa scéal oíche Dé Domhnaigh, áfach, nuair a d'éirigh an Gleann as an bpróiseas achomhairc. I dtuairisc eile spóirt, beidh Comórtas na Sé Náisiún ag atosú ag an deireadh seachtaine. Tá Éire ag barr an rangaithe faoi láthair agus tá a gcéad chluiche in aghaidh na Breataine Bige ar siúl Dé Sathairn. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS brúidiúlacht na bpóilíní - police brutality achainí - plea ómós - homage míorúiltí - miracles conspóid - controversy barr an rangaithe - top of the ranking | |||
| 26 Deireadh Fómhair 2024 (An Dún) | 26 Oct 2024 | 00:06:24 | |
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Dúirt MLA de chuid Pháirtí na Comhghuaillíochta, Kellie Armstrong, gur léir gur éadóchas ar son Fheidhmeannacht Tithíochta Thuaisceart Éireann a bhí ann nuair a cuireadh daoine i gcochall taobh amuigh de Bhéal Feirste. Tá sé deimhnithe ag Feidhmeannacht Tithíochta Thuaisceart Éireann go n-úsáidfear ceithre chochall ag saoráid óstáin in aice le Béal Feirste “ó am go chéile agus mar rogha dheireanach”. Dúirt ionadaí na Feidhmeannachta Tithíochta go bhfuil na cochaill "te agus compordach." Dúirt MLA Alliance Kellie Armstrong le BBC News NI nach bhfuil siad oiriúnach nó inghlactha. "Tá an geimhreadh ag bualadh linn. An féidir leis an fheidhmeannas Tithíochta a bheith cinnte go mbeidh na cochaill seo in ann déileáil leis an aimsir athraitheach, go mbeidh siad in ann déileáil le stoirmeacha?" Dúirt urlabhraí ón Fheidhmeannacht Tithíochta nach n-úsáidtear na cochaill ach sa ghearrthéarma agus go bhfuil siad de dhíth mar gheall ar éileamh gan fasach ar thithíocht shóisialta. Mhéadaigh líon na ndaoine a cuireadh i lóistín sealadach ó 4,527 in 2020 go 16,943 in 2023, a dúirt an t-urlabhraí. Úsáidtear na cochaill seo chun lóistín a thabhairt do “dhaoine singile nó lánúineacha atá gan dídean”. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS cochall - pod saoráid óstáin - hotel facility leithcheal - discrimination an Teastas Sóisearach - the Junior Cert dúnmarfóir - murderer achomharc - appeal | |||
| 28 Eanáir 2023 (Dún na nGall) | 28 Jan 2023 | 00:05:23 | |
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Tá cinneadh déanta ag an Ghearmáin le 14 tanc Leopard 2 a sheoladh chuig an Úcráin agus tá sé mar phlean ag na Stáit Aontaithe 31 Abrams a sheoladh sna míonna atá amach romhainn. Thug an Ghearmáin cead do thíortha Eorpacha eile a dtancanna Gearmánacha a sheoladh chuig an Úcráin. Déardaoin, dhá lá i ndiaidh an fhógra, rinne an Rúis ionsaí toinne diúracán ar 35 foirgneamh san Úcráin, inar maraíodh 11 duine agus gortaíodh 11 duine, dar leis an tseirbhís éigeandála stáit. Ó chuir an Rúis tús leis an ionradh i mí Feabhra anuraidh, tá trealamh míleata tugtha don Úcráin ag níos mó ná 30 tír. Rugadh ar bheirt phríosúnach a bhí ar a dteitheadh ó Sheirbhís Phríosúin Thuaisceart Éireann agus iad ar saoradh sealadach ón phríosún. Gabhadh Alison McDonagh, atá 49 bliain d’aois, and agus Stephen McParland, 54 bliain d’aois, i gceantar an Iúir tráthnóna Déardaoin. B’é Stáisiún Traenach Lanyon Place i mBéal Feirste an áit dheireanach inar chonacthas iad sular imigh siad tráthnóna Dé Sathairn. De réir na Roinne Dlí, bhí McDonagh ar scéim réamhshaortha agus bhí McParland ar thástáil réamhshaortha. Is dúnmharfóirí ciontaithe an bheirt acu. Fuarthas McDonagh ciontach sa bhliain 2006 (dhá mhíle is a sé) agus cuireadh McParland i bpríosún in 1998. Tháinig dea-scéal as Los Angeles le linn na seachtaine, nuair a ainmníodh aisteoirí, scannáin, stiúrthóirí Éireannacha do ghradaim Oscar. Is é An Cailín Ciúin an chéad scannán Gaeilge riamh a bhfuil an deis seo aige, agus é ainmnithe sa chatagóir don phríomhscannán idirnáisiúnta is fearr. Dúirt an scríbhneoir agus stiúrthóir, Colm Bairéad, agus léiritheoir an scannáin, Cleona Ní Chrualaoi gur “lá dár saol” a bhí ann agus gur mór an onóir é. Fuair an scannán 'The Banshees of Inisherin' naoi n-ainmniúchán:scannán is fearr, stiúrthóir is fearr agus bunscript scannáin is fearr; aisteoir is fearr, agus aisteoirí tacaíochta is fearr. Tá ‘An Irish Goodbye’, scannán ó Thuaisceart Éireann, ainmnithe sa chatagóir don Gearrscannán Beo-Aicsin is fearr. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS diúracán - missile trealamh míleata - military equipment saoradh - release dúnmharfóirí ciontaithe - convicted murderers bunscript scannáin - original screenplay gearrscannán beo-aicsin - live-action short film | |||
| 21 Eanáir 2023 (An Dún) | 21 Jan 2023 | 00:05:21 | |
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Agus an Dáil ag filleadh le linn na seachtaine, dúirt Aire Stáit úr na Gaeltachta go mbeadh an phleanáil teanga, an tAcht Teanga agus pobal na hUltaise i measc na dtosaíochtaí aige sa chéad cúpla mí ina ról úr. Dúirt Patrick O'Donovan, an tAire Stáit nua, a ceapadh sa ról díreach mí ó shín, go gcuirfeadh sé tús le hathbhreithniú neamhspleách ar an chéad deich bPlean Teanga Gaeltachta i mbliana. Leanfar an obair seo obair a rinne an t-iarAire Stáit Gaeltachta Jack Chambers. Dúirt O'Donovan gur baineadh go leor amach i dtaobh na reachtaíochta in 2022 agus luaigh sé an conradh a aontaíodh le hOllscoil na Gaillimhe chun taighde a dhéanamh faoin Phlean Náisiúnta atá le hullmhú i dtaca le seirbhísí poiblí i nGaeilge agus earcú cainteoirí Gaeilge sa státchóras. Ba mhúinteoir scoile é O'Donovan sula ndeachaigh sé leis an pholaitíocht, agus d'adhmháil sé go bhfuil a chuid Gaeilge beagnach caillte aige. Thug sé le fios ag am a cheapacháin go raibh sé i gceist aige cuairt a thabhairt ar Ghaeltacht Chorca Dhuibhne le linn na Nollag chun í a athfhoghlaim ach deir sé nach bhfuair sé an deis an turas sin a dhéanamh go fóill. Tá an comhlacht idirnaisiúnta teicneolaíochta Microsoft chun 11,000 duine a chur chun bealaigh i mbabhta iomarcaíochta go luath. Scaoilfear i bhfad níos mó daoine ná a tharla i bpróiseas iomarcaíochta a bhí ag Microsoft riamh, agus síltear go bhfuil seans ann go mbeidh níos mó ciorruithe troma le teacht san earnáil teicneolaíochta. Faoi láthair tá thart fá 221,000 fostaí ag an chomhlacht, agus 3500 díobh fostaithe in Éirinn. Deirtear gurb iad postanna sa rannóg innealtóireachta agus i rannóg na n-acmhainní daonna na postanna atá i mbaol. Seo a tháinig i measc cailleadh postanna i gcomhlachtaí móra eile amhail Twitter, Amazon, Meta (an comhlacht ar leis Facebook), agus Snapchat. I gcás Twitter, ar cheannaigh Elon Musk ag deireadh 2022, briseadh 7500 duine as a bpost go díreach nuair a thosaigh Musk ina phost nua, agus d'éirigh cuid mhaith eile as a bpost in éadan beartais úra a tháinig isteach faoi Musk thart fán am céanna. Bhí sceitímíní ar na mílte páiste scoile le linn na seachtaine nuair a bhí ar scoileanna i dTuaisceart Éireann dúnadh de réir mar a bhuail coinníollacha sneachta agus oighreata Tuaisceart Éireann ar feadh cúpla lá. Bhí an chuid ba mhó de na scoileanna san iarthuaisceart, bunscoileanna agus meánscoileanna i nDoire, i Léim an Mhadaidh agus ar an Srath Bán ina measc. Dúirt na póilíní go raibh coinníollacha tiomána contúirteach ar fud Thuaisceart Éireann mar gheall ar an sneachta agus na teochtaí reo. Síníodh an rabhadh buí aimsire le haghaidh sneachta agus oighir ar feadh cúpla lá, agus bhí an comhlacht taistil Translink ag comhairliú do phaisinéirí go gcuirfí isteach ar sheirbhísí ar fud Thuaisceart Éireann. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS pobal na hUltaise - the Ulster Scots community athbhreithniú neamhspleách - independent review próiseas iomarcaíochta - redundancy process ciorruithe troma - heavy cuts coinníollacha tiomána - driving conditions rabhadh buí aimsire - yellow weather warning | |||
| 14 Eanáir 2023 (Tiobraid Árann) | 14 Jan 2023 | 00:03:41 | |
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Rinne lucht tacaíochta iar-Uachtarán na Brasaíle Jair Bolsonaro iarracht an Chúirt Uachtarach, Teach na Comhdhála agus Pálás an Uachtaráin sa phríomhchathair Brasilia a ransú ag an deireadh seachtaine. Bhí an chuma air go raibh na hagóideoirí ag iarraidh aithris a dhéanamh ar na Meiriceánaigh a rinne ionsaí in Washington dhá bhliain ó shin, cé nár éirigh leosan an rialtas a chur as cumhacht ach oiread. Níor mhair an éirí amach ach cúpla uair an chloig ach cáineadh go láidir í sa Bhrasaíl agus thar lear. Toghadh Uachtarán nua na Brasaíle, Lula, le déanaí, agus é ag gealladh go mbeidh polasaithe níos forásaí agus é ina Uachtarán. Cailleadh beirt duine mór le rá i saol an cheoil an tseachtain seo. D'éag an ceoltóir traidisiúnta Séamas Ó Beaglaíoch sa bhaile i mBaile na bPoc i gCorca Dhuibhne Dé Luain. Ba as teaghlach cáiliúil ceolmhar é an Beaglaíoch, agus bhain sé féin clú agus cáil amach dá chuid ceoil in éineacht le Steve Cooney. Agus ansin Déardaoin, fuair Lisa Marie Presley bás i Meiriceá. B'amhránaí í Lisa Marie ach bhí sí ní b'aitheanta mar iníon Elvis Presley agus mar bhean chéile Michael Jackson sna nóchaidí. Bhí sí i láthair ag searmanas na Golden Globes Dé Máirt ach togadh í chuig an ospidéal mar gheall ar thaom croí dhá lá ina dhiaidh. Tá fear gafa ag póilíní i ndeisceart Bhéal Feirste maidir le dúnmharú Nathalie McNally i gContae Ard Mhacha mí ó shin. Fuarthas Nathalie sáite ina teach cónaithe ar an Lorgain seachtain roimh an Nollaig. Bhí sí dhá bhliain is tríocha d'aois, agus cúig seachtaine déag ag iompar clainne. Tá an fear a ghabh na póilíní á cheistiú faoi láthair. Tharla agóidí i gcoinne mharú na mban trasna na tíre seachtain ó shin, tar éis bhás Bruna Fonseca, Brasaíleach óg a bhí ag cur fúithi i gCorcaigh, ar Oíche Chinn Bliana. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS agóideoirí - protestors polasaithe níos forásaí - more progressive policies searmanas - ceremony taom croí - heart attack dúnmharú - murder sáite - stabbed | |||
| 7 Eanáir 2023 (Maigh Eo) | 07 Jan 2023 | 00:05:02 | |
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá de mhí Eanair. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tharla sochraid an iar-Phápa Benedict XVI i mBaisleac Pheadair i gCathair na Vatacáine an tseachtain seo. Bhí sé cúig bliana is nócha d’aois. Rugadh sa Ghearmáin é mar Joseph Ratzinger, agus nuair a bhí sé ina ghasúr, coinscríobhadh é in Ógra Hitler ar dtús agus in airm na Naitsithe ina dhiaidh. Cuireadh col ceathrar dá chuid chun báis le linn an Dara Cogadh Domhanda, mar bhí siondróm Down air; agus bhí a theaghlach i gcoinne na Naitsithe. Oirníodh é ina dhiadh agus chuaigh sé leis an diagacht. Coimeádach ab ea é san Eaglais Chaitleacach, agus cáineadh é as a neamhghníomhaíocht maidir le cásanna mí-úsáide gnéis ar leanaí ina dheoise nuair a bhí sé ina easpag. Thug sé cuairt ar Londain i 2010. Ba é an chéad Phápa a d'éirigh as an ról ó bhí an cúigiú haois déag ann. I Stáit Aontaithe Mheiriceá, tá Teach na nIonadaithe ina chocstí agus an Páirtí Poblachtánach ag iarraidh Ceann Comhairle nua a thoghadh. Cé go bhfuil triomlach acu sa Teach, níl siad in ann aontú ar éinne, tar éis vóta i ndiaidh vóta. Fuair Kevin McCarthy 203 vóta sa chéad bhabhta, agus 218 gcinn de dhíth, acht d’imigh sé ar gcúl go mall ina dhiaidh, agus ní bhfuair sé acht 201 tar éis ocht vóta, agus é seo á scríobh. Tá fiche Ionadaí ó “Pháirtí na Saoirse”, atá i bhfad amach ar an eite dheis, go láidir ina choinne, acht níl McCarthy sásta éirí as an toghchán go fóill. Mar sin tá obair an Tí, agus cuid mhór d'obair rialtas na Stát Aontaithe fiú, ar fad i sáinn. I bPalás Alexandra i Londain, tharla an babhta dairteanna is fearr riamh an tseachtain seo, i gcluiche ceannais an domhain idir Michael Smith agus Michael van Gerwen. Is annamh agus is iontach an rud é má chríochnaíonn imreoir babhta le naoi ndairt, rud nár tharla acht uair amháin roimhe i gcluiche ceannais domhanda. Acht sa bhabhta úd bhí seans ag an mbeirt acu deireadh naoi ndairt a bhaint amach. Theip ar Van Gerwen lena naoú dairt, a bhí milliméadair amach, acht d’éirigh le Smith lena naoú dairt mar fhreagairt, agus lean Smith ar aghaidh ó shin chun Craobh an Domhain a bhuachaint den chéad uair. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS coinscríobhadh é - he was conscripted diagacht - theology neamhghníomhaíocht - inaction cocstí - cockshy, laughing stock Ceann Comhairle - Speaker (in parliament) dairteanna - darts | |||
| 31 Nollaig 2022 (Baile Átha Cliath) | 31 Dec 2022 | 00:05:20 | |
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is tríocha de mhí na Nollag, Oíche Chinn Bliana 2022. Is mise Liam Ó Brádaigh. Tuairiscíodh níos mó básanna i Meiriceá Thuaidh de bharr síobadh sneachta trom. Maraíodh ar a laghad 60 duine in ocht stát mar gheall ar an ‘gcioclón buama’ ag deireadh seachtaine na Nollag agus fágadh na mílte teach gan leictreachas. Tá na coinníollacha i gcuid de na réigiúin is measa ag dul i bhfeabhas ach tá ullmhúcháin á ndéanamh ar eagla go mbeidh tuilte ann. De réir réamhaisnéisí, beidh an cioclón buama ina chúis le haimsir fhliuch ghaofar sa Bhreatain agus in Éirinn, agus táthar ag súil le roinnt tuilte agus cur isteach ar thaisteal ar an taobh seo den Aigéan Atlantach freisin. D’eisíodh an líon is airde riamh pasanna Éireannacha in aon bhliain amháin, agus 1,080,000 tugtha amach in 2022 (ag briseadh an iar-churiarracht de 935,000 pasanna in 2019). Mar a bhí an cás le blianta beaga anuas, tháinig líon suntasach iarratas ó Thuaisceart Éireann agus ón mBreatain. Dúirt an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Micheál Martin, gur de thoradh díreach ar éileamh carntha mar gheall ar an gcur isteach ar thaisteal in 2020 agus 2021, a bhí an líon neamhghnách iarratas ann i mbliana. Lasmuigh d’iarratais ó Éirinn agus ón mBreatain, tháinig an líon is mó iarratas ar líne ó na tíortha seo a leanas: Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Astráil, Ceanada, an Nua Shéalainn, an Fhrainc, an Spáinn, an Ghearmáin agus an Afraic Theas. Tá Pelé, an peileadóir clúiteach Brasaíleach a bhuaigh Corn an Domhain trí huaire, tar éis bás a fháil. I mbliana, glacadh é go hOspidéal Israelita Albert Einstein in São Paolo mar go raibh ionfhabhtú riospráide air agus d’fhan sé ann go dtí a bhás ag 82 bhliain d’aois. Spreag bás Pelé ar an Déardaoin racht ollmhór mothúcháin ina thír dhúchais, agus polaiteoirí, daoine cáiliúla agus laochra spóirt ag teacht le chéile chun “rí peile na Brasaíle’ a cheiliúradh. Rugadh Pelé sa bhliain 1940 agus scóráil sé 1,279 gcúl le linn 1,363 chluiche mar imreoir proifisiúnta, éacht atá aitheanta mar churiarracht dhomhanda Guinness. Meastar go raibh foireann na Brasaíle in 1970 ar na foirne ab fhearr a bhí ann riamh agus go bhfuil íomhá na ngeansaithe buí íocónach i stair spórt an domhain. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS síobadh sneachta - blizzard cioclón buama - bomb cyclone iar-churiarracht - previous record cur isteach - interruption ionfhabhtú riospráide - respiratory infection geansaithe buí - yellow jerseys | |||
| 24 Nollaig 2022 (Luimneach) | 24 Dec 2022 | 00:05:35 | |
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an ceathrú lá is fiche de mhí na Nollag, oíche Nollag. Is mise Sibéal Dempsey. Chaill an Fhrainc i gcoinne na hAirgintíne i gcluiche ceannais chorn an domhain dhá mhíle is fiche a dó a imríodh i gCatar Dé Domhnaigh seo caite. Tháinig deireadh leis an gcluiche le ciceanna pionóis agus fuair an Airgintín ceithre phionós ar dhá phionós na Fraince. Bhí comhscór 3-3 idir an dá fhoireann tar éis am breise. Bhain stair leis an gcluiche mar an chéad chluiche ceannais Chorn an Domhain agus scóráil imreoirí ag an dá fhoireann ar a laghad faoi dhó. Ba iad Kylian Mbappe na Fraince agus Lionel Messi ón Airgintín na himreoirí sin. Rinne an comórtas an stair freisin mar go bhfuarthas an líon is mó cúl riamh, agus Kylian Mbappe ag scóráil an dara cúl is céad seachtó. Bhuaigh an Chróit ar Mharacó Dé Sathairn freisin, chun an tríú háit a bhaint amach. Bhí conspóid ag baint leis an gcomórtas ó thús deireadh, agus is amhlaidh a bhí sé sa chluiche ceannais. Maisíodh Messi le róba dubh, comhartha traidisiúnta Araibise de mheas, ach féachann roinnt daoine air mar rud dímheasúil. Cheap an tUachtarán Michael D Higgins ceannaire Fine Gael Leo Varadkar ina Thaoiseach den dara huair. Beidh Micheál Martin ag éirí as anois mar chuid den chomhaontú comhrialtais idir Fine Gael agus Fianna Fáil sa bhliain fiche fiche. Ina chéad óráid mar Thaoiseach, labhair Varadkar faoin ngéarchéim tithíochta, go háirithe ag tagairt dá ‘phlean Tithíochta do Chách’ a d’fhéachfadh le rátaí úinéireachta a ardú. Luaigh sé freisin go mbeadh sé ag dul i ngleic leis an mboilsciú ard agus leis an ngéarchéim costais mhaireachtála. Beidh aonad nua i Roinn an Taoisigh dírithe ar Éire a dhéanamh ar an tír is fearr le bheith ina leanbh. Glacfaidh Micheál Martin ról Varadkar mar leas-phríomh-aire anois. Dúirt ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, nach ndéanfadh an t-athrú tada chun dul i ngleic leis na fadhbanna práinneacha. Tá painéal tí an séú Eanáir, atá ag fiosrú Donald Trump, tar éis an t-iar-uachtarán a tharchur ar cheithre chúiseamh choiriúla. I measc na gcúiseamh ná bheith páirteach in éirí amach, tionchar nó bac a chur ar imeacht imscrúdaithe oifigiúil, comhcheilg chalaoise a dhéanamh ar na Stáit Aontaithe agus ráitis bhréagacha a dhéanamh go neamhdhleathach go feasach nó go toilteanach don rialtas feidearálach. Is é seo an chéad uair sa stair a ndearna an Chomhdháil iar-uachtarán a tharchur le haghaidh cúisimh. Déanfaidh an tArd-Aighne Merrick Garland a chinneadh féin ar chúisimh mar chuid d’imscrúduithe na Roinne Dlí agus Cirt. D’fhéadfadh tionchar a bheith ag toradh an imscrúdaithe sin freisin ar an bhféadfar Trump rith arís sa toghchán uachtaránachta sa bhliain fiche fiche a ceathair. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS comhscór - equal score, draw comhaontú comhrialtais - coalition agreement rátaí úinéireachta - ownership rates boilsciú ard - high inflation cúiseamh coiriúil - criminal charge comhcheilg chalaoise - fraud conspiracy | |||
| 10 Nollaig 2022 (Ciarraí) | 10 Dec 2022 | 00:05:11 | |
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an deichiú lá de mhí na Nollag. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Ag an gCorn Domhanda i gCatar, bhain Maracó éacht amach leis an mbua a bhí acu i gcoinne na Spáinne. Is iad an chéad náisiún Arabach le dul ar aghaidh go dtí an Cluiche Ceathrú Ceannais. Tar éis 120 nóiméad, bhí orthu ciceanna pionóis a thógáil toisc nár aimsigh na foireainn aon bháire le linn an chluiche. B'é Achraf Hakimi an peileadóir a scóráil an báire a thug chun cinn iad. Bhí ríméad an domhain ar an lucht féachana go háirithe ag baile le daoine ag ceiliúradh amuigh sa chathair Rabat leis an Rí fein ina measc. Tá na cluichí ceathrú ceannais ar siúl an deireadh seachtaine seo. D'imir an Chróit i gcoinne na Brasaíle agus an Ísiltír i gcoinne na hAirgintíne inné agus an dá chluiche eile ar siúl inniu: Maracó i gcoinne na Portaingéile agus Sasana i gcoinne na Fraince. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS báire - goal ionfhabhtú baictéarach - bacterial infection an fiabhras dearg - scarlet fever céislínteas - tonsilitis Limistéar Eisiach Eacnamaíochta - Exclusive Economic Zone Údarás Eitlíochta na hÉireann - Irish Aviation Authority | |||
| 3 Nollaig 2022 (An Dún) | 03 Dec 2022 | 00:05:26 | |
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá de mhí na Nollag. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Tá níos mó daoine ag teacht slán ó ailse ionrach anois ná riamh de bharr an fheabhais atá tagtha ar chúrsaí cóireála leighis agus mar go n-aimsítear an galar níos luaithe fosta. Is é ailse ionrach an cineál ailse a d'fhéadfadh leathadh ón áit ar aimsíodh é i dtosach go dtí codanna eile den chorp. De réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Chlárlann Náisiúnta Ailse in Éirinn, tá an líon daoine a tháinig slán ó ailse ardaithe 50% le deich mbliana anuas. Den chéad uair tá os cionn 200,000 duine a bhfuil nó a raibh ailse orthu fós ina mbeatha, sin duine as gach 24. Dar leis an Ollamh Murray, níl sé go hiomlán soiléir go fóill cé mar a chuaigh an phaindéim Covid-19 i gcion ar chúrsaí ailse. Faoi láthair, ar sí, dealraíonn sé nach raibh an oiread cineálacha ailse á ndiagnóisiú i gcaitheamh na paindéime agus a bhí roimhe. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS ailse ionrach - invasive cancer an Chlárlann Náisiúnta Ailse in Éirinn - the National Cancer Registry Ireland ráta teipe - failure rate comharthaí - symptoms ceapachán - appointment comharbacht - succession | |||
| 26 Samhain 2022 (An Clár) - uasdátaithe | 27 Nov 2022 | 00:05:54 | |
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá is fiche de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Fuair níos mó ná 270 duine bás san Indinéis de bharr creatha talún in iarthar Iáva Dé Luain seo caite. Dé réir na n-údarás, tá 151 duine fós ar iarraidh agus tá 1000 duine eile gortaithe. Tréigeadh beagnach 60,000 teach sa cheantar mar gheall ar an tubaiste nádúrtha. Bhí eipealár an chreatha talún i gceantar sléibhe agus bhain sé 5.6 amach ar scála Richter. Mar bharr ar an mí-ádh, bhí sciorradh talún sa cheantar tar éis an chreatha talún agus mar sin bhí deacrachtaí ag na seirbhísí éigeandála cuidiú le daoine. Tá an ceantar seo in Iáva lonnaithe idir plátaí teicteonacha agus mar sin bíonn creathanna talún sa réigiún go minic. Rialaigh Cúirt Uachtarach na Breataine nach bhfuil an ceart ag Parlaimint na hAlban reifreann eile ar neamhspleáchas na tíre a fhógairt gan cead ón Rialtas in Westminster. D’fhógair an Tiarna Robert Reed an cinneadh ar son na Cúirte agus dúirt sé gur cinneadh d’aon ghuth a bhí ann. Léirigh Céad-Aire na hAlban Nicola Sturgeon a díoma faoin rialú ach dúirt sí go raibh ceart féinchinntiúcháin fós ag Albain. Tharla an chéad reifreann ar neamhspleáchas na hAlban ocht mbliana ó shin. Sa reifreann sin, vótáil 55% den phobal i gcoinne an neamhspleáchais ach tá roinnt athruithe tar éis teacht ar an scéal ó shin i leith, mar shampla an Breatimeacht, rogha a dhiúltaigh pobal na hAlban go formhór. Dúirt Nicola Sturgeon go mbeidh an chéad olltoghchán eile mar reifreann ar neamhspleáchas na hAlban. Cuireadh tús leis an gCorn Domhanda i gCatar Dé Domhnaigh nuair a chaill an tír óstach in aghaidh Eacuadór. Seo an chéad uair a bhfuil an Corn Domhanda ar siúl i dtír Arabach ach tá go leor conspóide ag baint leis an gcomórtas. Creidtear go forleathan go raibh éilliú sa chaoi ar roghnaigh FIFA an tír óstach. Chomh maith leis sin, cáineann gníomhaithe ar son cearta daonna Catar mar gheall ar an gcaoi go gcaitear le hoibrithe inimirce agus an easpa cearta don phobal LADTA+. Creidtear go bhfuair níos mó ná 6,500 oibrí inimirce bás ó bronnadh an comórtas, an chuid is mó as fo-ilchríoch na hIndia. D’éiligh Amnesty International ar FIFA ciste a bhunú d’oibrithe inimirce agus a gclann. Maidir le cúrsaí ar an bpáirc imeartha, bhí dhá iontas mhóra ann go dtí seo: chaill an Airgintín in aghaidh ha hAraibe Sádaí agus fuair an tSeapáin an lámh in uachtar ar an nGéarmáin. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS crith talún - earthquake eipealár - epicentre sciorradh talún - landslide d'aon ghuth - unanimous ceart féinchinntiúcháin - right to self-determination éilliú - corruption fo-ilchríoch - subcontinent | |||
| 19 Deireadh Fómhair 2024 (Gaillimh) | 19 Oct 2024 | 00:04:44 | |
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh. Tá sé ráite ag an Leifteanantchoirnéal Tom Fox, atá i gceannas ar choimeádaithe síochána na hÉireann i ndeisceart na Liobáine, go bhfuil na trúpaí slán sábháilte, in ainneoin coinníollacha an-dúshlánach agus teannas ag ardú sa Mheánoirthear. Tá níos mó ná 300 saighdiúir Éireannach lonnaithe in Camp Shamrock sa Liobáin Theas agus gar don teorainn idir Iosrael agus an Liobáin. Cé gur gortaíodh cúigear coimeádaithe síochána ó na Náisiúin Aontaithe le cúpla lá anuas, níl aon phlean ann faoi láthair chun na trúpaí a tharraingt siar. Tá rabhadh tugtha ag Príomhaire Iosrael, Benjamin Netanyahu, go bhfuil coimeádaithe síochána i mbaol mura mbogann siad ó dheisceart na Liobáine, comhartha go leanfar leis na hionsaithe in ainneoin agóidí an phobail idirnáisiúnta. Ar ais in Éirinn, agus ráflaí ag dul thart go mbeidh olltoghchán ar siúl go luath, tá Sinn Féin ag déileáil le roinnt géarchéimeanna atá ag bagairt dochar a dhéanamh dá bhfeachtas. Tá sé tagtha chun solais gur thug beirt bhall den pháirtí teistiméireacht d’iaroifigeach preasa an pháirtí ainneoin gur admhaigh sé coireanna mí-úsáide gnéis. Chomh maith leis sin, tá beirt Teachtaí Dála tar éis éirí as, ar chúiseanna ar leith. I gcás amháin, rinne an Teachta Dála gearán faoin gcaoi ar láimhseáil an páirtí líomhain maidir le hiompar neamhoiriúnach. Tagann na scéalta seo ar shála na nuachta go ndearna oifigigh an pháirtí iarracht smacht a choinneáill ar na ceisteanna a fuair an ceannaire Mary-Lou McDonald ag Ard Fheis an pháirtí. Cúrsaí sacair anois, agus tar éis an triú babhta de chluichí Shraith na Náisiún, tá foireann na hÉireann sa tríú háit agus trí phointe acu, chun tosaigh ar an bhFionlainn, a chaill gach cluiche, ach taobh thiar den Ghréig, atá i gceannas ar ár ngrúpa le dhá phointe dhéag, agus Sasana sa dara háit le naoi bpointe. Sa chéad chluiche, bhí bua inspioráideach ag Éirinn in aghaidh na Fionlainne, a bhuí le cúil ón gcosantóir Liam Scales agus ón imreoir lár páirce Robbie Brady tar éis botún tubaisteach ón gcaptaen Nathan Collins a thug tús foirfe do na Fionlannaigh. Sa dara cluiche, áfach, thug na Gréagaigh triail i bhfad níos deacra i láthair, agus léirigh bua compordach don fhoireann baile san Aithin méid an dúshláin atógála atá roimh bhainisteoir nua na hÉireann Heimir Hallgrímsson. Idir an dá linn, téann na Gréagaigh ó neart go neart. Sa bhabhta seo, bhuaigh siad in aghaidh ní amháin na hÉireann, ach Sasana in Wembley freisin, den chéad uair riamh, éacht thar a bheith suntasach tar éis bhás tragóideach a n-imreora George Baldock an tseachtain seo caite. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS leifteanantchoirnéal - lieutenant-colonel coimeádaithe síochána - peacekeepers ráflaí - rumours iompar neamhoiriúnach - inappropriate behaviour cosantóir - defender méid an dúshláin atógála - the extent of the rebuilding challenge | |||
| 19 Samhain 2022 (Dún na nGall) | 19 Nov 2022 | 00:05:26 | |
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá déag de Mhí na Samhna, 2022. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Le linn na seachtaine, sheol úinéir úr Twitter, Elon Musk, teachtaireacht chuig a fhoireann ar fud an domhain ag insint dóibh nach raibh ach lá acu machnamh a dhéanamh ar chinnúint idir fánacht agus “a bheith ag obair go rí-dhian ar feadh tamall fada,” nó glacadh le pacáiste scaoilíocaíochta de phá trí mhí. Tháinig an teachtaireacht díreach tar éis Musk a insint dá fhoireann go raibh tuiscint ann mura chliceáil daoine ar an nasc ag deimhniú gur “mhaith leat a bheith páirteach sa Twitter úr” an lá dár gcionn, go nglacfaí leis gur éirigh siad as a bpost. Chaill Twitter leath a fhoirne, nuair a thóg Musk smacht ar an ollchomhlacht sna meáin shoisialta ní ba luaithe sa mhí. Dúirt Musk, “Ní bheidh ach feidhmíocht eisceachtúil mar ghrád pas.” Dé hAoine, chuir Twitter doirse a n-oifigí faoi ghlas go dtí an tseachtain seo chugainn. Bhí cruinniú idir Príomhoifigeach Airgeadais na Ranna Gnóthaí Eachtracha agus Ambasadóir na Rúise in Éirinn inar insíodh dó go raibh iompraíocht na Rúise go hiomlán do-ghlactha. Dé Céadaoin, chuir An Rúis cosc iontrála ar an Taoiseach Micheál Martin agus níos mó ná 50 oifigeach sinsearach eile, mar fhreagairt ar smachtbhannaí an Iarthair maidir leis an Úcráin. Tá liosta 52 ainm ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha ar cuireadh cosc orthu ón Rúis. Tuigtear gur cuireadh in iúl dó go seasann an Rialtas go diongbháilte in aghaidh an choisc taistil, agus gur ábhar masla gan chúis é i gcoinne saoránaigh Éireannacha. As seo amach, tabharfar an t-ainm Breatnaise ar an tsliabh is airde sa Bhreatain Bheag, seachas an t-ainm Béarla, a d’aontaigh údaráis na páirce. Chaith Údarás na Páirce Náisiúnta vóta ar son an ainm Yr Wyddfa agus Eryri a úsáid, in aghaidh Snowdon agus Snowdonia, mar gheall ar achainí a rinne 5,000 duine ag impí ar son an athraithe. Tá Yr Wyddfa 3,560 troigh ar airde agus tagann 400,000 siúlóir chuige achan bhliain. Dúirt Naomi Jones, Ceannaire Oidhreacht Cultúrtha na Páirce, agus ainmneacha Breatnaise á n-úsáid ag daoine, go dtabharfaí seans dóibh blaiseadh a fháil den Bhreatnais agus de chultúr saibhir na Breataine Bige. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS machnamh a dhéanamh - to reflect, to consider feidhmíocht eisceachtúil - exceptional performance do-ghlactha - unacceptable cosc iontrála - entry ban údaráis na páirce - park authorities achainí - petition | |||
| 12 Samhain 2022 (Tiobraid Árann) | 12 Nov 2022 | 00:03:40 | |
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá déag de mhí na Samhna. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Tá Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir le hAthrú Aeráide, nó COP27, ar siúl in Sharm El Sheikh san Éigipt. Tá níos mó ná nócha ceann stáit agus ionadaithe ó beagnach dhá chéad tír i láthair. Tá an Chomhdháil ag tarlú agus níos mó fianaise ná riamh tagtha chun solais go bhfuil an pláinéad i staid éigeandála agus go bhfuil géarghá le héirí as úsáid breoslaí iontaise chomh luath agus is féidir. Deirtear go raibh an teocht is airde riamh againn le hocht mbliana anuas. Ag an am céanna, cáineadh an Chomhdháil mar go bhfuil an comhlacht Coca-Cola ina urraitheoir uirthi. Tharla toghcháin lár téarma Dé Máirt i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bhíothas ag súil le "tonn dhearg" agus suíocháin bhreise sa Seanad agus i dTeach na nIonadaithe don Pháirtí Poblachtánach, ach d'éirigh leis an Daonlathach John Fetterman in Pennsylvania agus theip ar roinnt iarrthóirí a thacaíonn leis an iarUachtarán, Donald Trump. Táthar ag súil go bhfógróidh Trump go mbeidh sé ag seasamh sa toghchán uachtaránachta arís i gceann dhá bhliain ach beidh iomaíocht aige ina pháirtí féin mar ba mhaith le Ron DeSantis ó Florida seasamh in 2024 freisin. Bhí bua mór ag foireann rugbaí na hÉireann an tseachtain seo caite nuair a bhuail siad ar sheaimpíní an domhain, an Afraic Theas, le trí phointe, sa Staid Aviva i mBaile Átha Cliath. Tá Éire sa chéad áit i rangú an domhain faoi láthair agus táthar ag súil go n-éireoidh go maith leis an bhfoireann i gCorn an Domhain sa Rugbaí sa Fhrainc an bhliain seo chugainn. Níl taifead maith ag Éirinn sa chomórtas sin, áfach, ach tá an fhoireann tar éis an bua a fháil ar fhoirne mór le rá amhail an Afraic Theas agus an Nua-Shéalainn le déanaí. Tá foireann na hÉireann ag imirt in aghaidh Fidsí inniu. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS breoslaí iontaise - fossil fuels urraitheoir - sponsor tonn dhearg - red wave Teach na nIonadaithe - the House of Representatives rangú an domhain - world ranking foirne mór le rá - big teams | |||
| 5 Samhain 2022 (Ard Mhacha) | 05 Nov 2022 | 00:05:19 | |
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá de mhí na Samhna. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS an eite chlé - the left wing teannas - tension Státrúnaí - Secretary of State Aire Gnóthaí Eachtracha - Foreign Affairs Minister méadú suntasach - significant increase éileamh - demand | |||
| 29 Deireadh Fómhair 2022 (Maigh Eo) | 29 Oct 2022 | 00:04:25 | |
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna. Is é Rishi Sunak an chéad Phríomh-Aire eile sa Bhreatain. Bhuaigh Sunak rás ceannaireachta na dTóraithe nuair a d'éirigh Boris Johnson agus Penny Mordaunt as an rith. Bhí orthu níos mó ná céad vóta a fháil ó Fheisirí Westminster chun dul ar aghaidh chuig toghchán acht ba é Sunak an t-aon duine a bhain an líon sin vótaí amach agus de réir sin tá sé ina Phríomh-Aire go huathoibríoch. Chaill Sunak an rás ceannaireachta deireanach in aghaidh Liz Truss i mí Mheán Fómhair, nuair a bhí baill an Pháirtí Choimeádaigh ar fud na Breataine ag vótáil. Tá ceannairí Pháirtí an Lucht Oibre agus an Pháirtí Dhaonlathaigh Liobrálaigh ag lorg olltoghcháin go luath, ach ní chaithfidh na Tóraithe olltoghchán a fhógairt go ceann dhá bhliain eile. Bhuaidh Éire cluiche ‘stairiúil’ in aghaidh Sasana sa chruicéad ag an gCorn Domhanda T20 in Melbourne. D’imir siad tríd an mbáisteach chun bua cúig rith a bhaint amach. Bhuaigh foireann na hÉireann in aghaidh na nIndiacha Thiar an tseachtain seo caite chun áit a fháil sa dara babhta den Chorn Domhanda T20 den chéad uair ó bhí 2009 ann. Beidh an fhoireann Éireannach ag imirt in aghaidh na hAfganastáine ina gcéad chluiche eile, agus iad ag iarraidh áit a fháil sa bhabhta leathcheannais. D’aontaigh comh-aireacht Rialtas na hÉireann reachtaíocht imlíneach a cheadóidh uaireanta oscailte níos faide do thithe tabhairne agus do chlubanna oíche. Faoin reachtaíocht nua beidh cead ag tithe tabhairne a bheith ar oscailt idir leathuair tar éis a deich ar maidin agus leathuair tar éís meán óiche, seacht lá sa tseachtain. Beidh clubanna in ann fanacht ar oscailt go dtí a sé a chlog ar maidin. Dúirt an tAire Turasóireachta Catherine Martin go gcruthóidh an rogha geilleagar na hóiche níos fearr. Ceaptar go mbeidh na hathruithe curtha in áit an bhliain seo chugainn má cheadaítear an reachtaíocht san Oireachtas. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS Feisirí Westminster - Westminster MPs rás ceannaireachta - leadership race cúig rith - five runs in aghaidh na nIndiacha Thiar - against the West Indies reachtaíocht imlíneach - outline legislation geilleagar na hóiche - night-time economy | |||
| 22 Deireadh Fómhair 2022 (Baile Átha Cliath) | 22 Oct 2022 | 00:04:07 | |
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Liam Ó Brádaigh Ta aird idirnáisiúnta tarraingthe ag scannal caimiléireachta i saol an Rince Éireannaigh. Is é an Coimisiún le Rincí Gaelacha an eagraíocht rince Ghaelaigh is sine agus is mó le rá, ach d’éirigh beirt bhall sinsearach den Choimisiún as an eagraíocht ar an Déardaoin tar éis cruinniú a bheith ar siúl chun líomhaintí faoi chealgaireacht ag comórtais a phlé. Tháinig roinnt múinteoirí ar aghaidh le rá go raibh rún oscailte ann maidir le rigeáil na dtorthaí sna feiseanna. Dúirt urlabhraí ó Chumann Múinteoirí Mheiriceá Thuaidh gur bhain an chonspóid an bonn de mhuinín sa Rince Gaelach. Tá aoir osnádúrtha faoin mbeatha tar éis an bháis tar éis an Duais Booker 2022 a bhuachan. Insíonn ‘The Seven Moons of Maali Almeida’ le Shehan Karunatilaka, scéal grianghrafadóra a dhúisíonn marbh lá amháin agus a dhéanann iarracht cumarsáid a dhéanamh ón taobh eile den uaigh faoi Chogadh Cathartha Shrí Lanca. Mhol an Príomhbhreitheamh, Neil MacGregor, scóip agus scála an úrscéil, agus é ag rá go raibh an cinneadh d’aon toil. Bhí an scríbhneoir Éireannach, Clare Keegan, ar an ngearrliosta don duais dá húrscéal ‘Small Things Like These’. Seachtain dhrámatúil eile a bhí ann i saol pholaitíocht na Breataine. Tráthnóna Déardaoin, d’fhógair Liz Truss go raibh sí le héirí as a ról mar Phríomh-Aire agus Ceannaire an Pháirtí Choimeádaigh tar éis sraith eachtraí náireacha. Níor chaith Truss ach daichead a ceathair lá sa phost; theip uirthí formhór a cuid polasaithe a chur i bhfeidhm agus b’éigean di a mionbhuiséad a thréigean tar éis shuaitheadh an mhargaidh agus brú óna páirtí féin. Tá tús curtha cheana féin le tuairimíocht faoina comharba ach caithfidh an té a roghnófar 100 vóta a fháil ar dtús chun dul isteach sa rás ceannaireachta. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS scannal caimiléireachta - cheating scandal líomhaintí faoi chealgaireacht - allegations of deception rigeáil na dtorthaí - rigging of results aoir osnádúrtha - supernatural satire d’aon toil - unanimous sraith eachtraí náireacha - a series of embarrassing incidents comharba - successor | |||
| 15 Deireadh Fómhair 2022 (Luimneach) | 15 Oct 2022 | 00:05:51 | |
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Sibéal Dempsey. Maraíodh deichniúr tráthnóna Dé hAoine seo caite nuair a tharla pléascadh ag stáisiún peitril ar an gCraoslach, i gContae Dhún na nGall. Gortaíodh ochtar eile. Ní fios cén chúis dhíreach a bhí leis an bpléasc, mar go bhfuil imscrúduithe fós ar bun agus saineolaithe pléasctha tugtha isteach chun cabhrú leis na Gardaí sa chás. Ina ainneoin sin, tá sé ráite ag gardaí gur cosúil gur timpiste tragóideach a bhí ann. Níl sé soiléir ag an bpointe seo an leanfaidh fiosrúchán Rialtais na himscrúduithe freisin. Tá ciste daonnúil stáit, a úsáidtear de ghnáth i gcás tuilte, le leathnú chuig teaghlaigh na n-íospartach. Tá trí chéad caoga míle euro bailithe go dtí seo ag daoine ón gceantar áitiúil trí fheachtais tiomsaithe airgid ar líne. Cháiligh foireann peile na mban na hÉireann do Chorn an Domhain, le bua in aghaidh na hAlban tráthnóna Dé Máirt an tseachtain seo. Ba é an scór deiridh ná Albain a náid, Éire a haon, le cúl ó Amber Barrett a tháinig ón mbinse chun cúl a scóráil sa dara nóiméad is seachtó. Seo an chéad uair don fhoireann áit a bhaint amach sa chomórtas le naoi mbliana is daichead ó bhí siad san iomaíocht go hidirnáisiúnta agus ciallaíonn sé sin go mbeidh an fhoireann ag taisteal go dtí an Astráil agus an Nua-Shéalainn an samhradh seo chugainn don chomórtas féin. Tá leithscéal eisithe ag Cumann Peile na hÉireann freisin tar éis físeán a tháinig chun solais ar na meáin shóisialta den fhoireann ag canadh liricí atá ar son an IRA tar éis an bhua. Dúirt an Cumann go raibh trua acu as “aon chion a rinneadh”. Tá leithscéal eisithe ag bainisteoir na foirne Vera Pauw freisin. Tháinig na liricí féin ó amhrán leis na Wolfe Tones, a eisíodh ar dtús do chomóradh céad bliain an chlub peile Celtic. D’fhoilsigh I Wish, eagraíocht for-rochtana oideachais ETIM na hÉireann torthaí a taighde le déanaí. Fuarthas amach sa taighde go bhfuil athrú le déanaí ar dhearcadh cailíní sna déaga i leith gairm bheatha a bheith acu in ábhair ETIM – eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus mata. Fuarthas amach go bhfuil ochtó a ceathair faoin gcéad de chailíní sna déaga ag iarraidh tuilleadh eolais a fháil faoi ETIM, i gcomparáid le caoga a trí faoin gcéad sa bhliain dhá mhíle is a sé. Léirigh an suirbhé freisin go bhfuil an dearcadh seo ag éirí níos dearfaí in ainneoin torthaí níos imníche. Mar shampla, léirigh seasca a ceathair faoin gcéad an bhearna inscne in ETIM mar bhac, agus easpa muiníne ag daichead faoin gcéad as a gcumas gairm bheatha a leanúint sa réimse. Chomh maith le taighde ar na bacainní braite, tá roinnt moltaí sa tuarascáil freisin, mar shampla, na daltaí dara leibhéal a chur in aithne do ghairmithe baineanna ETIM atá bunaithe go háitiúil ina gcéad bhliain. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS pléascadh - explosion ciste daonnúil stáit - state humanitarian fund imscrùduithe - investigations eagraíocht for-rochtana oideachais - education outreach organisation ETIM - STEM bearna inscne - gender gap bacainn - obstacle | |||
| 8 Deireadh Fómhair 2022 (Tír Eoghain) | 08 Oct 2022 | 00:04:21 | |
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Niall Ó Siadhail. Bhí níos mó ná cúig mhíle duine i láthair ag imeacht plé maidir le todhchaí na hÉireann an deireadh seachtaine seo caite. D'eagraigh grúpa neamhbhrabúis darb ainm Ireland's Future an t-imeacht, a tharla sa 3arena i mBaile Átha Cliath agus bhí neart aoichainteoirí ann, idir pholaiteoirí agus daoine eile mór le rá. De réir Chomhaontú Aoine an Chéasta, is féidir le Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann reifreann a fhógairt más léir go bhfuil níos mó ná leath an phobail sa Tuaisceart i bhfabhar Éireann Aontaithe. Meastar go bhfuil níos mó suime san athrú anois mar gheall ar imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach agus mar gheall ar an líon Caitliceach sa Tuaisceart a bheith níos airde ná an líon Protastúnach den chéad uair. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta ar an údar Francach Annie Ernaux an tseachtain seo. Rinneadh tagairt don "mhisneach agus géire thomhaiste lena nochtann sí bunchúiseanna, coimhthíos agus srianta comhchoiteanna na cuimhne pearsanta." Is í Ernaux, a scríobhann saothair neamhfhicsin chomh maith le húrscéalta, an chéad scríbhneoir Francach a bhain an Duais ó bhí 2014 ann. Rugadh agus tógadh sa Normainn i dtuaisceart na Fraince í. Gheobhaidh Ernaux ciste de bheagnach milliún euro don duais, a bhronntar gach bliain ar an té a chruthaigh sárshaothar "i dtreo idéalach." Tá domhan na fichille trína chéile faoi láthair mar gheall ar thuairisc a d'fhoilsigh chess.com. Rinneadh fiosrúchán ar ardmháistir fichille ó Mheiriceá, Hans Niemann, tar éis líomhaintí a bheith curtha ina leith maidir le caimiléireacht sa spórt. Fuarthas go bhfuil an chuma air gur úsáid Niemann inneall fichille chun suas le céad cluiche a bhaint, cluichí a raibh duais airgid acu san áireamh. É sin ráite, baineann na líomhaintí le cluichí ar líne amháin agus tá cead fós ag Niemann leanúint ar aghaidh i gCraobhchomórtas Fichille na Stát Aontaithe, atá ar siúl in Saint Louis faoi láthair. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS grúpa neamhbhrabúis - non-profit group aoichainteoirí - guest speakers géire thomhaiste - clinical acuity srianta comhchoiteanna - collective restraints ardmháistir fichille - chess grandmaster líomhaintí - allegations caimiléireacht - cheating | |||
| 1 Deireamh Fómhair 2022 (An Dún) | 01 Oct 2022 | 00:04:23 | |
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an chéad lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Fógraíodh buiséad nua in Éirinn Dé Máirt, ina leagadh amach roinnt beart chun dul i ngleic leis an ghéarchéim chostais maireachtála. Gheobhaidh gnólachtaí suas le deich míle euro sa mhí chun cuidiú le billí fuinnimh agus gheobhaidh achan líon tí sé chéad euro de chreidmheas leictreachais. Beidh níos mó ná ceithre chéad míle duine breise i dteideal cúram saor in aisce ó dhochtúirí teaghlaigh a fháil ó mhí Aibreáin an bhliain seo chugainn, agus beidh cáin nua ar thithe folmha. Gheobhaidh tionóntaí creidmheas cánach de luach cúig chéad euro agus ardófar an tairseach don ráta cánach ioncaim is airde ó tríocha a seacht míle euro go daichead míle euro. In ainneoin na n-athruithe, is dócha go mbeidh a lán deacrachtaí i ndán don chuid is mó de dhaoine sa gheimhreadh. San Úcráin, reachtáladh reifrinn i gceithre réigiún ina bhfuil smácht ag arm na Rúise. Cáineadh na reifrinn go hidirnáisiúnta agus mhol rialtas na hÚcráine dá shaoránaigh gan páirt a ghlacadh sa phróiseas, ós rud é nach reifrinn shaora atá iontu. Dé Céadaoin d'iarr ceannairí Luhansk agus Donetsk ar Putin na réigiúin seo a ionghabháil. Meastar gur mhaith le Putin teorainn na Rúise a bhogadh ionas go mbeidh sé in ann a rá gur cogadh cosanta atá ar siúl aige, ach go dtí seo níor ghlac tír ar bith eile le torthaí na reifreann ná iarrachtaí Putin críocha na Rúise a leathadh. Mhol rialtais Mheiriceá, na Polainne agus na Bulgáire dá saoránaigh an Rúis a fhágáil láithreach. Tuairiscítear go bhfuil mic thíre, béir dhonna agus iolair mhara i measc na gcreachadóirí atá tagtha ar ais ar an fhód ar fud na hEorpa. Rinneadh taighde ar chaoga speiceas fiadhúlra a bhfuil méadú tar éis teacht ar líon agus dáileadh na n-ainmhithe agus is léir go bhfuil tionchar ag cosaint dhleathach, athchóiriú gnáthóige agus athbhunú ainmhithe ar an athrú. É sin ráite, tá fhadhb mhór fós ann maidir le cailliúint bithéagsúlachta. Táthar ag súil go rachaidh dlí nua Eorpach um athchóiriú dúlra i ngleic leis an fhadhb. I measc na n-athruithe atá molta ná laghdú ar úsáid lotnaidicídí ceimiceacha. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS creidmheas cánach - tax credit tairseach - threshold ionghabháil - annexe cogadh cosanta - defensive war mic thíre, béir dhonna agus iolair mhara - wolves, brown bears and white-tailed eagles athchóiriú gnáthóige - habitat rehabilitation athbhunú ainmhithe - reintroduction of animals lotnaidicídí ceimiceacha - chemical pesticides | |||
| 24 Meán Fómhair 2022 (Ciarraí) | 24 Sep 2022 | 00:06:25 | |
Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Bhailigh na céadta míle i lár Londan Dé Luain do shochraid Bhanríon Eilís II. Lean an Rí Séarlas III an chónra agus baill den teaghlach ríoga ina theannta, an Prionsa William agus an Prionsa Harry ina measc. Slua 2,000 duine a bhí ag an searmanas, lucht ríoga, ceannairí polaitiúla agus reiligiúnacha an domhain san áireamh. Bhí Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn agus an Taoiseach Micheál Martin i láthair. Agus tháinig na céadta míle den phobal le chéile go lár Londan don ócáid stairiúil. I ráiteas roimh an tsochraid, dúirt Séarlas III na Ríochta Aontaithe go ndeachaigh na daoine ar fad a léirigh a n-ómós don bhanríon “i bhfeidhm go mór air féin agus ar a bhean chéile”. Ba í Banríon Eilís II an monarc is faide i réim riamh i Sasana. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS sochraid - funeral lucht ríoga - royalty géarchéim costais mhaireachtála - cost of living crisis dáta scoir - retirement date lárionad sláinte agus feirm shóisialta - wellness centre and social farm tírdhreach - landscape | |||
| 17 Meán Fómhair (An Clár) | 17 Sep 2022 | 00:05:39 | |
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 17ú de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin. D’fhógair Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy, gur éirigh lena chuid fórsaí frithionsaí a dhéanamh i gcoinne na Rúise in oirthuaisceart na hÚcráine Dé Luain. Dúirt arm na hÚcráine go bhfuil níos mó ná fiche baile athghafa acu, Izium ina measc, cathair thábhachtach agus straitéiseach sa chogadh. D’admhaigh Moscó go bhfuil go leor talún caillte acu agus d’fhreagair siad an frithionsaí le hionsaithe ar infreastruchtúr aibhléise san Úcráin. De réir saineolaithe, is athrú mór é an frithionsaí i scéal an chogaidh. Tuairiscítear go bhfuil trúpaí na Rúise in ísle brí agus ag teitheadh ó bhailte. Le linn an ama seo, cloistear cáineadh déanta ar Putin sa Rúis, rud an-annamh agus contúirteach faoi láthair. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS frithionsaí - counter-attack infreastruchtúr aibhléise - electricity infrastructure ina luí faoi ghradam stáit - lying in state cáin oidhreachta - inheritance tax féinmharú cuidithe - assisted suicide turgnamhach - experimental | |||
| 12 Deireadh Fómhair 2024 (Ciarraí) | 12 Oct 2024 | 00:05:41 | |
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.Bhailigh na mílte daoine le chéile chun comóradh a dhéanamh ar lá cuimhneacháin ar an 7ú lá de Mhí Dheireadh Fómhair, an lá a dhein Hamas ionsaí ar dhaoine in Iosrael a bhí ag freastal ar cheolchoirm Nova a bhí ar siúl i bhfásach Negev agus i gceantair eile. Maraíodh míle dhá chéad duine agus fuadaíodh os cionn dhá chéad agus a caoga duine agus tógadh iad isteach go Gaza. Bhí bigil faoi sholas coinnle, searmanas cuimhneacháin agus máirseáil ar siúl in Tel Aviv, Londain, Páras agus Beirlín agus áiteanna eile timpeall na cruinne. Idir an dá linn tá sé ina chogadh dearg i gcónaí. Tá bliain ann ó thosnaigh Iosrael an cogadh i gcoinne an ghrúpa mhíleata Hamas in Gaza. Tá ós cionn daichead míle Palaistíneach caillte ó thosnaigh an cogadh ag cur tús le tubaiste dhaonnúil le 2.2 milliún duine ruaigthe as an Stráice. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS lá cuimhneacháin - anniversary tubaiste dhaonnúil - humanitarian disaster hairicín - hurricane leithinis - peninsula brathadóir gáma-gha - gamma ray detector radaíocht leictreamaighnéadach - electromagnetic radiation | |||
| 10 Meán Fómhair 2022 (Maigh Eo) | 10 Sep 2022 | 00:04:39 | |
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an deichiú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna. D’éag Elizabeth, banríon na Ríochta Aontaithe, an tseachtain seo. Bhí sí ar an chathaoir ríoga ar feadh seachtó bliain. Le linn a réimis, bhí cúigear phríomh-airí déag aici, an chéad duine acu ná Winston Churchill. Anois, mar gheall ar Acht an tSocraithe, tá a mac Charles ina rí. Fágann sí ceathrar páistí, ochtar garpháistí, agus dháréag páistí garpháistí ina diaidh. Nuair a thug sí cuairt ar Éirinn i 2011, thosaigh sí a hóráid i gCaisleán Bhaile Átha Cliath as Gaeilge. Tá príomh-aire nua ag an Ríocht Aontaithe an tseachtain seo chomh maith. Tar éis breis agus dhá mhí, tá an toghchán i measc bhallraíocht an Pháirtí Choimeádaigh agus Aontachtaigh thart, agus tá Liz Truss tofa acu mar cheannaire an pháirtí agus ar an mbonn sin tá sí ina príomh-aire anois. Tá an ruaig curtha aici ar thacaitheoirí Rishi Sunak as an gcomh-aireacht. Tar éis dhá mhí gan ghníomh ar an ngéarchéim fuinnimh, thug an rialtas faoi lena gcéad phlean chun tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh sa gheimhreadh atá romhainn. San uaigh Liang Tebo i mBoirneo, tá an fhianaise is sine de mháinliacht aimsithe ag seandálaithe, i bhfad níos sine ná aon cheann eile atá aimsithe go dtí seo. Tháinig siad ar chnámharlach a bhfuil teascadh déanta ar an gcos chlé faoin nglúin, atá tríocha a haon míle bliain d’aois. Rinneadh an teascadh le huirlisí agus sceana cloiche, tháinig biseach ar an duine ina dhiadh, agus do mhair siad ar feadh roinnt blianta eile. Léiríonn an cnámharlach seo go raibh fios domhain sa leighis agus san anatamaíocht dhaonna ag daoine ársa fadó fadó, i bhfad ní ba luaithe ná a ceapadh cheana. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS an chathaoir ríoga - the throne páistí garpháistí - great-grandchildren comh-aireacht - cabinet géarchéim fuinnimh - energy crisis máinliacht - surgery teascadh - amputation | |||
| 3 Meán Fómhair 2022 (Dún na nGall) | 03 Sep 2022 | 00:06:03 | |
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachta * Inniu an tríú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Féadtar comparáid a dhéanamh idir an monsún i mbliana agus monsún na bliana 2010, an ceann ba mharfaí i stáir na Pacastáine, inar maraíodh níos mó ná 2,000 duine. Maraíodh ar an chuid is lú 1,136 duine ó mhí an Mheithimh agus scriosadh bóithre, barra, bailte, agus droichid ar fud na tíre. Tuairimíonn oifigigh go raibh níos mó ná 33 mhílliún Pacastánach, nó duine amháin as seachtar, buailte ag na tuilte. D’iarr Antonio Guterres, Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, ar an lucht domhanda teacht i gcuidiú ar an Phacastáin agus é tar éis tús a chur le hachainí. In Éirinn, tá imní ann nach bhféadfaidh teaghlaigh billí móra fuinnimh a sheachaint an geimhreadh seo, agus ní mór don Rialtas dul i ngleic leis, le tacaíochtaí airgeadais agus comhairle, dar le ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Eamon Ryan. Dúirt Ryan go ndéanfar achan rud le clistí cumhachta a sheachaint, ach nach bhfuil aon chinnteacht ann nach dtarlóidh. D’fhógair an comhlacht fuinnimh PrepayPower go mbeadh ardú 19% ar bhillí leictreachais agus ardú 29% ar bhillí gáis, do chustaiméirí íoc-mar-a-úsáidtear. Le laethanta beaga anuas, d’fhógair SSE Airtricity ardú praghsanna deilbhithe suas le 39%, ceann de na mhéaduithe is mó le feicéail sa tír. Dé Máirt, chuaigh Mikhail Gorbachev ar shlí na fírinne, ag 91 bliain d’aois, “tar éis tinneas fada trom,” de réir oifigigh ospidéil i Moscó. D’éirigh le Gorbachev deireadh a chur leis an Chogadh Fuar gan doirteadh fola, cé gur theip air stop a chur le cliseadh an Aontais Shóivéadaigh. B’é Gorbachev an ceannaire Sóivéadach deireanach, a bhí i gcumhacht idir 1985 agus 1991 agus chuidigh sé le feabhas a chur ar an chaidreamh idir Stáit Aontaithe Mhéiriceá agus an tAontas Sóivéadach a bhí in adharca a chéile le daichead bliain. Chruthaigh sé bearta laghdaithe arm leis na Stáit Aontaithe agus comhpháirtíochtaí le cumhachtaí an Iarthair, chun an Cuirtín Iarainn lena raibh Eorpa scartha a oscailt, den chéad uair ó tharla an Dara Cogadh Domhanda, agus chuidigh sé le haontú na Gearmáine. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS barra - crops achainí - petition clistí cumhachta - power failures íoc-mar-a-úsáidtear - pay as you go doirteadh fola - bloodshed bearta laghdaithe arm - arms reduction policies | |||
| 27 Lúnasa 2022 (Tír Eoghain) | 27 Aug 2022 | 00:05:09 | |
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Siadhail. Ceiliúradh Lá Náisiúnta na hÚcráine Dé Céadaoin, comóradh ar neamhspleáchas na tíre sin ón Aontas Sóivéadach sa bhliain 1991. Níor tharla imeacht mór ceiliúrtha san Úcráin féin, ar mhaithe le sábháilteacht an phobail, ach rinneadh léirsithe agus agóidí in áiteanna eile ar fud an domhain, Baile Átha Cliath, Londain agus Nua Eabhrac san áireamh. Tháinig an comóradh sé mhí i ndiaidh d'Arm na Rúise ionradh a dhéanamh ar an tír, agus meastar go bhfuil an cogadh ina sháinn faoi láthair. Tá sciar mhaith de dheisceart agus oirthear na hÚcráine faoi smacht na Rúiseach ach níl ceachtar den dá rialtas sásta tabhairt faoi chainteanna síochána ag an phointe seo. I Riga na Laitvia Déardaoin leagadh oibilisc chuimhneacháin ó ré an Aontais Shóivéadaigh a tógadh in ómós don Arm Dearg sna hochtóidí. D'éirigh an Teachta Dála Robert Troy as a phost mar Aire Stáit le freagracht speisialta as Cur Chun Cinn na Tradála an tseachtain seo nuair a bhris an scéal sna meáin nár nocht sé sonraí a chuid réadmhaoine go léir i gClár Leasanna na gComhaltaí i gcomhréir le hoibleagáidí caighdeánacha atá ar Theachtaí Dála. Tá aon aonad déag ag Troy i mBaile Átha Cliath agus i lár na tíre. Tharla an chonspóid i gcomhthéacs géarchéime tithíochta in Éirinn, ina bhfuil formhór den phobal ag streachailt le cíos ard agus tithe nach bhfuiltear in achmainn a cheannach. Meastar gur tiarna talún é nó í duine as gach ceathrar atá sa Dáil. Fuair breathnóirí teilifíse na chéad bhlaiseadh den tsraith nua atá suite i ndomhan ficseanúil Westeros Dé Domhnaigh. Tháinig deireadh le Cluiche na Corónach, nó Games of Thrones as Béarla, a bhí ar cheann de na sraitheanna fantaisíochta ba rathúla riamh, in 2019, ach cáineadh séasúr deireanach an tseó go forleathan. Tá Teach an Dragain, nó House of the Dragon, ina réamhscéal ar an tsraith aitheanta, suite dhá chéad bliain roimh eachtraí Jon Snow agus Daenerys Targaryen. Tá réamhscéal fantaisíochta mór le rá eile le teacht an fómhar seo, agus sraith nua bunaithe ar fhicsean JRR Tolkien ar fáil ó thús mhí Mheán Fómhair. Beidh Fáinní na Cumhachta, nó The Rings of Power, suite na mílte bliain roimh eachtraí Tiarna na bhFáinní, The Lord of the Rings. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS an Aontas Sóivéadach - the Soviet Union sáinn - stalemate Cur Chun Cinn na Tradála - Trade Development Clár Leasanna na gComhaltaí - Members' Register of Interests réamhscéal - prequel eachtraí - adventures | |||
| 20 Lúnasa 2022 (Baile Átha Cliath) | 20 Aug 2022 | 00:04:33 | |
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an fichiú lá de mhí Lunasa. Is mise Liam Ó Brádaigh. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS ionsaitheoir anaithnid - unknown assailant luíochán - ambush curiarracht náisiúnta - national record reathaí - runner diamhaslach - blasphemous neamhchiontach - innocent | |||