Nuacht Mhall – Détails, épisodes et analyse

Détails du podcast

Informations techniques et générales issues du flux RSS du podcast.

Podcast Nuacht Mhall

Nuacht Mhall

Conradh na Gaeilge i Londain

Éducation

Fréquence : 1 épisode/6j. Total Éps: 331

Hosting podcast Spotify for Podcasters
Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. The week's main news stories, read slowly in Irish.
Site
RSS
Apple

Classements récents

Dernières positions dans les classements Apple Podcasts et Spotify.

Apple Podcasts

  • 🇬🇧 Grande Bretagne - languageLearning

    30/03/2026
    #100
  • 🇬🇧 Grande Bretagne - languageLearning

    28/03/2026
    #87
  • 🇬🇧 Grande Bretagne - languageLearning

    09/02/2026
    #99
  • 🇬🇧 Grande Bretagne - languageLearning

    27/10/2025
    #94
  • 🇬🇧 Grande Bretagne - languageLearning

    30/04/2025
    #81
  • 🇬🇧 Grande Bretagne - languageLearning

    29/04/2025
    #83
  • 🇬🇧 Grande Bretagne - languageLearning

    28/01/2025
    #62
  • 🇬🇧 Grande Bretagne - languageLearning

    24/01/2025
    #80
  • 🇬🇧 Grande Bretagne - languageLearning

    23/01/2025
    #59
  • 🇬🇧 Grande Bretagne - languageLearning

    22/01/2025
    #78

Spotify

    Aucun classement récent disponible



Qualité et score du flux RSS

Évaluation technique de la qualité et de la structure du flux RSS.

See all
Qualité du flux RSS
À améliorer

Score global : 53%


Historique des publications

Répartition mensuelle des publications d'épisodes au fil des années.

Episodes published by month in

Derniers épisodes publiés

Liste des épisodes récents, avec titres, durées et descriptions.

See all

18 Eanáir 2025 (Tiobraid Árann)

samedi 18 janvier 2025Durée 06:42

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.

Tháinig nuacht faoi bheart sos cogaidh a chur i bhfeidhm ón gcoimhlint idir an Phalaistín agus Iosrael tráthnóna Dé Céadaoin. Tagann an nuacht tar éis cúig mhí dhéag de chogadh, a thosaigh le hionsaí a rinne Hamas ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair 2023. Ón dáta sin maraíodh níos mó ná 46,000
Palaistíneach mar thoradh ar fhrithbheart Iosrael. Ag brath ar roinnt ceisteanna deireanacha a chinntiú maidir leis an mbeart, tosóidh an sos cogaidh Dé Domhnaigh, ach tá níos mó Palaistíneach á marú idir an dá linn. Ar dtús mairfidh an sos cogaidh go ceann sé seachtaine - ligfear amach gialla Iosraelacha agus scaoilfear saor priosúnaigh Phalaistíneacha. Beidh saighdiúirí Iosrael ag tarraingt siar as Gaza agus beidh cead isteach le haghaidh cúnaimh agus breosla. Tosóidh na Palaistínigh ag filleadh ar a mbaile, pé chuid de atá fágtha. Tarlóidh níos mó cainteanna maidir le todhchaí Gaza agus cad a tharlaíonn tar éís na sé
seachtaine.
Tharla díospóireacht idir Fianna Fáil agus Fine Gael maidir le dréacht-Chlár Rialtais i rith na seachtaine. Cruthaíodh an comhrialtas idir Fianna Fáil agus Fine Gael, a fuair an líon vótaí is lú a fuair buaiteoirí olltoghcháin ó thús an stáit, le tacaíocht ó naonúr comhaltaí neamhspleácha chun tromlach a
dhéanamh. Is dócha go ndaingneofar an clár Dé Domhnaigh agus go dtoghfar Mícheal Martin ina Thaoiseach Dé Céadaoin. Tá díospóireacht fós ar siúl maidir le ról na gcomhaltaí neamhspleácha sa rialtas le guthanna láidir ó Michael Lowry agus Danny Healy-Ray. Cruthóidh an rialtas nua trí Aire Stáit nua, le haghaidh daoine aosta, mara agus imirce. Beidh 23 Aire ann san iomlán, an líon is mó a bhí ag aon rialtas riamh.
Tá falscaithe uafásacha ag tarlú in Los Angeles le níos mó ná deich lá anuas. Bhí ceithre thine éagsúla ann, gan ach ceann amháin díobh faoi smacht agus é seo á scríobh. Tá an chúis leis na falscaithe fós le fiosrú ach scaipeadh iad mar thoradh ar ghaotha láidre darbh ainm Gaotha Santa Ana agus ar an easpa báistí sa réigiún le déanaí. Deir saineolaithe go bhfuil athrú aeráide ina chúis mhór leis freisin. Ba iad 2022 agus 2023 na blianta is fliche in California riamh agus mar sin d’fhás an-chuid fásra, ach tar éis an triomaigh a lean, ba gheall le brosna do na falscaí an fásra céanna. Tharla aslonnú mór sa cheantar agus fuair cúigear is fiche bás. Ceaptar go bhfuil an scriosadh is measa de bharr tine i gceist i stair Stáit Aontaithe Mheiriceá agus beidh costas sna billiúin dollar i gceist maidir le hatógáíl na cathrach.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

beart - deal

breosla - fuel

díospóireacht - debate

comhaltaí neamhspleácha - independent members

falscaithe - mountain fires

triomach - dry weather

fásra - vegetation

brosna - kindling

11 Eanáir 2025 (An Dún)

samedi 11 janvier 2025Durée 05:44

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-aonú lá déag de mhí Eanáir. is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.
Dhiúltaigh an tAire Oideachais ó Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann Paul Givan iarratas ón scoil is mó sna Sé Chontae le bheith ina scoil imeasctha. Thacaigh tromlach soiléir thuismitheoirí na ndaltaí leis an athrú in Acadamh Bheannchair, a bhfuil timpeall 1,850 dalta ann. Ach tá cinneadh déanta anois ag Paul Givan nár cheart dul ar aghaidh leis na pleananna. Diúltíodh togra ó scoil eile i mBeannchar fosta, Bunscoil an Rátha Mhóir, chun athrú a dhéanamh ina scoil imeasctha. De réir doiciméad a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais, mhol oifigigh go n-athrófaí an dá scoil le bheith imeasctha ach chinn an tAire gan an moladh sin a cheadú. Agus é ag diúltú do na tairiscintí, dúirt Givan nach raibh go leor fianaise ann go mbeadh dóthain daltaí Caitliceacha ag gach scoil chun oideachas imeasctha a chur ar fáil. Luaigh sé reachtaíocht Stormont ina ndeirtear gur cheart go mbeadh líon réasúnta leanaí Caitliceacha agus Protastúnacha araon i scoileanna imeasctha. "Fiú ar an anailís is dóchasaí, tá an chuma ar an scéal go mbeadh sé iontach deacair líon réasúnta a bhaint amach," a scríobh Givan.
Tá an comhlacht teicneolaíochta Meta ag fáil réidh lena chuid seiceálaithe fíricí neamhspleácha ar Facebook agus Instagram, agus ag cur “nótaí pobail” i stíl cosúil leis an ardán X ina n-áit ina bhfágtar trácht ar chruinneas postálacha de chuid úsáideoirí. I bhfíseán Meta, dúirt an príomhfheidhmeannach Mark Zuckerberg go raibh modhnóirí tríú páirtí “róchlaonta ó thaobh na polaitíochta de” agus go raibh sé “in am dul ar ais go dtí ár bhfréamhacha maidir le saoirse cainte”. Tagann an t-aistriú seo agus Zuckerberg agus feidhmeannaigh eile i dtionscal na teicneolaíochta ag iarraidh caidreamh a fheabhsú le hUachtarán tofa na Stát Aontaithe, Donald Trump, sula rachaidh sé in oifig níos déanaí an mhí seo. Cháin Trump agus a chomhghuaillithe Poblachtacha Meta as a pholasaí seiceála fíricí, ag rá go ndéanann an comhlacht cinsireacht ar ghuthanna na heite deise. Ag labhairt dó i ndiaidh na hathruithe a fhógairt, dúirt Trump ag comhdháil nuachta go raibh sé an-tógtha le cinneadh Zuckerberg.
Tá an Gael, scríobhneoir, agus foilseoitheoir Pádraig Ó Snodaigh ar shlí na bhfírinne. Tháinig na sluaite daoine le chéile fá choinne thórramh Phádraig, a fuair bás agus é 89 bliain d'aois, i mBaile Dúill, Baile Átha Cliath. Ba Ghael go smior é an tUasal Ó Snodaigh, agus ba dhuine mór le rá é i measc gníomhaithe Gaeilge agus chúis na teanga ó dheas. Ba iar-uachtarán Chonradh na Gaeilge é, a chaith a shaol ar fad ag troid ar son cearta teanga, agus é ag obair leis an ESB agus an iarsmalann náisiúnta. Chuir Pádraig an comhlacht foilsiú Coiscéim ar bun, le £1000 a bhfuair sé ar iasacht ó chara dá chuid in 1980, comhlacht a d'fhoilsigh níos mó ná 1,700 leabhar. Bhí seisear mac aige lena bhean, an t-ealaíontóir Clíodhna Cussen, a cailleadh dhá bhliain go leith ó shin; Teachta Dála is ea é mac amháin, agus tá triúr eile bainte leis an ghrúpa ceoil Kíla. Bhí a chónra caoladóireachta clúdaithe faoi bhratach scal ghréine an Chonartha agus í á tabhairt isteach go Séipéal Naomh Peadar agus Pól.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

scoil imeasctha - integrated school

reachtaíocht - legislation

seiceálaithe fíricí neamhspleácha - independent fact checkers

modhnóirí - moderators

cónra caoladóireachta - wicker coffin

scal ghréine - sunburst

9 Samhain 2024 (Tiobraid Árann)

samedi 9 novembre 2024Durée 04:55

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an naou lá de mhí na Samhna. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.

Bhuaigh Donald Trump toghchán uachtaránachta Stáit Aontaithe Mheiriceá ar son an Pháirtí Phoblachtánaigh oíche Dé Máirt. Fuair sé an ceann is fearr ar Kamala Harris ón bPáirtí Daonlathach, atá ina Leas-Uachtarán reatha. Tá 270 vótá ó na coláistí toghcháin de dhíth chun tromlach a fháil agus leanann an comhaireamh ar feadh na laethanta, ach bhí sé soiléir go luath i ndiaidh an toghcháin go mbeadh an líon vótaí sin faighte ag Trump. Cé go bhfuil lucht na heite deise ag ceiliúradh, is toradh díomách atá ann do na milliúin daoine i Meiriceá agus thar lear, agus imní acu faoin éifeacht a bheidh ag an rialtas ar cearta na mban, daoine LADTA, daoine de dhath, agus ar an timpeallacht. Seo an dara téarma uachtaránachta ag Trump, tar éis a chéad téarma ó 2017-2021. Táinsíodh Trump dhá uair le linn a chéad téarma agus bhí ciontú coiriúil ina choinne i mbliana. 

Lánscoireadh Dáil Éireann Dé hAoine, agus olltoghchán socruithe don naoú lá is fiche de mhí na Samhna. Maidir le deireadh téarma an rialtais seo, caithfear an Dáil a lánscor roimh mhí Feabhra 2025 agus bhí ráflaí agus brú go leor ann le déanaí maidir le teacht luath an chinnidh. Tar éis leideanna ón Tánaiste Mícheal Martin agus ó Roderic O’Gorman ón gComhaontas Glas, ceannairí eile an Chomhrialtais, d’fhógair an Taoiseach Simon Harris ar Nuacht RTÉ tráthnóna Dé Céadaoin go mbeadh sé ag lorg lánscor na Dála ón Úachtarán Michael D. Higgins Dé hAoine. Dúirt sé go raibh siad ag fánacht leis an mBille Airgeadais a chur tríd ar dtús. Beidh brú ón bpobal maidir le ceist na Palaistíne agus tithíocht go háirithe sa toghchán seo. Is í an Mháirt bheag seo an lá deireanach is féidir clárú le haghaidh vótála. 

Tharla an chéad taispeáint Éireannach den scannán Gladiator II i mBaile Átha Cliath oíche Déardaoin, ag an bpictiúrlann The Lighthouse i Margadh na Feirme. Ba é Ridley Scott a stiúr an scannán, agus tá Paul Mescal sa phríomhpháirt, agus leanann an scéal eachtraí an scannáin ráthúil Gladiator ón mbliain 2000. Is ról mór i scannán domhanda é do Mescal, a bhfuil ag éirí leis ina ghairm le roinnt blianta anuas, ach i gcláracha agus scannáin neamhspleácha den chuid is mó. Tá sceitimíní agus bród ar an lucht féachana Éireannach chun scannán chomh mór a fheiceáíl agus príomhaisteoir Éireannach ann. Roimh an taispeáint bhí comórtas na leathcheann nó “lookalike” Paul Mescal i Margadh na Feirme. Spreagtha le heachtra i gCathair Nua Eabhrac an seachtain seo caite bunaithe ar Timothee Chalamet, dúirt an t-eagraí go raibh sé ag lorg píosa spraoi a chruthú agus an oiread sin drochnuachta le cloisteáil na laethanta seo.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

coláistí toghcháin - electoral colleges

tromlach - majority

an Dáil a lánscor - to dissolve the Dáil

ráflaí - rumours

taispeáint - showing

eachtraí - events, adventures

Cothrom an Lae - 14 Márta (Tiobraid Árann)

Épisode 14

mardi 14 mars 2023Durée 02:17

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge

*

Inniu an ceathrú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh.

Cothrom an lae seo sa bhliain 1879 rugadh an fisiceoir Albert Einstein. Tá cáil ar Einstein as forbairt a dhéanamh ar Theoiric na Coibhneasachta. Chomh maith leis sin rinne sé obair thábhachtach ar theoiric na meicnice candamaí. Le chéile tá an dá réimse sin ina ndá philéar den fhisic nua-aimseartha. Tugtar ‘an cothromóid is cáiliúla ar domhan’ ar fhoirmle Einstein E = mc 2, a bhaineann le Teoiric na Coibhneasachta. Bhuaigh Einstein an Duais Nobel na Fisice i 1921 'as a chuid seirbhisí ar son na fisiceteoiriciúla agus go háirithe as fionnachtain dhlí na hiarmharta fótaileictrí’. Mar thoradh ar a chuid gaiscí agus nuálaíochta, tá an t-ainm Einstein comhchiallach le hardéirim agus ceiliúrtar Einstein fós mar cheann de na heolaithe ab fhearr sa stair. Chaith Einstein deireadh a ghairme ag obair ar dhá thurgnamh neamh-rathúla, ceann acu in aghaidh teoiric an chandaim, in ainneoin na hoibre tábhachtaí a rinne sé ar an topaic cheana. Mar thoradh air seo chríochnaigh Einstein a ghairm ar leithlis ón bhfisic nua-aimseartha, an réimse a chabhraigh sé lena bhunú.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

fisiceoir - physicist

candam - quantum

Teoiric na Coibhneasachta – Theory of Relativity

cothromóid – equation

fionnachtain - discovery

Cothrom an Lae - 13 Márta (An Dún)

Épisode 13

lundi 13 mars 2023Durée 01:51

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge

*

Inniu an tríú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.

Cothrom an lae seo sa bhliain 1781, thángthas ar an phláinéad Úránas, an chéad phláinéad a thángthas air ón chianaois. Agus é ag tabhairt faoi shuirbhéireacht ar na réaltaí, thug an réalteolaí Sasanach, William Herschel, faoi deara go raibh rud ag bogadh os comhair na réaltaí. Ar dtús, shíl sé gur cóiméad a bhí ann. Ach níos moille, agus níos mó staidéir déanta air, tuigeadh gur pláinéad a bhí ann, agus tugadh an t-ainm Úránas air, in ómós do cheann de sheandéithe na Gréige. I miotaseolaíocht na tíre sin, dia na spéire ab ea Úránas, a bhí pósta le Gáia, bandia an talaimh, agus ba iad na Tíotáin an chlann a bhí acu.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

réalteolaí - astronomer

cóiméad - comet

seandéithe na Gréige - ancient Greek gods

Cothrom an Lae - 12 Márta (Maigh Eo)

Épisode 12

dimanche 12 mars 2023Durée 04:23

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge

*

Inniu an dara lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna.

Cothrom an lae seo sa bhliain 1689, tháinig James Stuart i dtír in Éirinn i gCionn tSáile. Ag an am bhí sé ina iar-rí ar Alban, ar Shasana agus ar Éirinn, agus dár leis, ar an bhFrainc chomh maith. Bhí sé ag iarraidh an choróin a bhaint ar ais ó William Oráiste, le taca mhuintir Chaitliceach na hÉireann. Gheall sé saoirse reiligiúin dóibh, agus aisíoc talún a gabhadh i réimeas Chromail. Bhí claontacht air i gcoinne Protastúnach, agus thug sé gach post sinsearach ina rialtas nó ina airm do Chaitlicigh, agus sula i bhfad bhí cogadh cathartha a bhain le reiligiún, talamh agus eitneacht spreagtha aige in Éirinn. Ní raibh aon airgead aige, agus mar sin rinne sé mona práinneach, an ‘mona gunnaí’, as gach saghas de dramh-mhiotal práis nó copair a bhí le fáil, mar shean-chloig, gunnaí móra agus a leithéid, le gealltanas go bhfuasclódh sé in óir agus in airgid é nuair a bhfaigheadh sé an choróin ar ais, rud nár tharla. Tháinig na mílte saighdiúir Francach leis, ar an lá seo agus níos déanaí. Acht tar éis bhriseadh Chath na Bóinne air chaill sé a dhóchas agus sciob sé ar ais go dtí an Fhrainc chomh tapaidh agus ab fhéidir leis, agus a airm ag troid fós ar a shon in Éirinn gan pháigh. Lean na Seacaibítigh ar aghaidh go deireadh an dara Léigear Luimnigh i mí Dheireadh Fómhair 1691, nuair a ghéill siad faoi théarmaí Chonradh Luimnigh. Ní raibh aon mhaitheas sa gconradh sin mar sáraíodh a airteagail shibhialta leis na Péindlíthe díreach ina dhiaidh; agus deirtear go ndúirt Pádraig Sáirséal “change but kings with us, and we will fight it over again with you” agus é ag idirbheartú an chonartha leis na hUilliamaítigh. Mar gheall ar an dochar a rinne sé agus a chuid meatacht phearsanta, is minic a thugtar “Séamas a’ Chaca’ ar an rí Stuart deireanach in Éirinn.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

réimeas – reign

mona práinneach – emergency money

dramh-mhiotal – refuse metal

na Péindlíthe – the Penal Laws

meatacht – cowardice

11 Márta 2023 (Baile Átha Cliath)

Épisode 137

samedi 11 mars 2023Durée 04:11

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-aonú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Liam Ó Brádaigh.

Tá sé deimhnithe ag Rialtas na hÉireann go reáchtálfar reifreann ar chomhionannas inscne níos déanaí i mbliana. Tagann rún an Rialtais an reifreann seo a reáchtáil tar éis moltaí a rinne Tionól na Saoránach ar Chomhionannas Inscne dhá bhliain ó shin. Moltar Airteagail 40 agus 41 den Bhunreacht a thagraíonn do shaol na mban "sa bhaile" a scriosadh. Moladh freisin gur cheart don Bhunreacht, atá i bhfeidhm ó 1937, tagairt go sainráite do chomhionannas inscne agus do neamh-idirdhealú. Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go bhfuil an tagairt do mhná in Airteagail 40 agus 41 seanchaite.

Cháin carthanachtaí easpa dídine agus polaiteoirí an fhreasúra cinneadh an rialtais deireadh a chur leis an gcosc ar dhíshealbhú. Chosain an tAire Tithíochta, Darragh O’Brien, an cinneadh, ag rá go gcruthódh síneadh ar an gcosc fadhbanna soláthair tithíochta san fhadtéarma. Léiríonn na figiúirí is déanaí go bhfuil an líon is airde riamh de 11,754 duine gan dídean, lena n-áirítear beagnach 3,500 leanbh, agus dúirt Focus Ireland go bhfuil brúnna do dhaoine gan dídean imithe thar a n-acmhainn, agus údaráis áitiúla ag streachailt leis an líon daoine gan dídean atá ag ardú.

Tá an Nigéir tar éis a toghcháin stáit a chur siar i measc na conspóide faoi vóta uachtaránachta a líomhnaíonn páirtithe an fhreasúra a bhí rigeáilte. D'fhógair an coimisiún toghcháin Dé Céadaoin go raibh sé ag cur moill seachtaine ar vótaíochtaí chun gobharnóirí stáit cumhachtacha a thoghadh. I dtoghchán na huachtaránachta le déanaí, bhí tuairiscí ann faoi ghoid na mboscaí ballóide, faoi fhoréigean agus faoi theacht déanach na n-oifigeach toghcháin, rud a dhícheadaigh go leor vótálaithe. Bhí líon tinrimh íseal de díreach 27% ann freisin. Séanann an buaiteoir ón bpáirtí APC, Bola Tinubu, na torthaí a rigeáil.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

comhionannas inscne - gender equality

neamh-idirdhealú - non-discrimination

cosc ar dhíshealbhú - eviction ban

brúnna - hostels/shelters

rigeáilte - rigged

líon tinrimh - attendance

Cothrom an Lae - 11 Márta (Luimneach)

Épisode 11

samedi 11 mars 2023Durée 01:52

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge

*

Inniu an t-aonú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Sibéal Dempsey.

Cothrom an lae seo sa bhliain ocht déag ocht déag, foilsíodh an leabhar Frankenstein. Is úrscéal gotach agus ficsean eolaíochta é Frankenstein. Ba í an t-údar Mary Shelley, iníon an fheiminigh Mary Wollstonecraft a scríobh é, nuair nach raibh sí ach naoi mbliana déag d'aois. Insíonn sé scéal eolaí a chruthaíonn créatúr mothaitheach i dturgnamh eolaíochta. Nuair a dhiúltaíonn an t-eolaí an créatúr, téann sé ag fánaíocht, ag lorg agus gan teacht ar chompánaigh dó féin. Ó shin, rinneadh scannáin, cláir theilifíse agus drámaí den scéal, agus an leagan is luaithe in naoi déag tríocha a haon.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

gotach - gothic

turgnamh eolaíochta – scientific experiment

Cothrom an Lae - 10 Márta (Dún na nGall)

Épisode 10

vendredi 10 mars 2023Durée 02:36

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge

*

Inniu an t-aonú lá de mhí an Mhárta. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

Cothrom an lae seo sa bhliain 1876, rinne Alexander Graham Bell an chéad scairt teileafóin ar domhan, nuair a d’éirigh leis ceangal intuigthe a bhunú lena chúntóir a bhí i seomra teorantach. Ghair sé ar a chúntóir saotharlainne, Thomas Watson, leis na focail, “A Watson–tar anseo–ba mhaith liom tú a fheiceáil,” de réir nótaí saotharlainne a scríobh Bell. Mac d’eolaí agus de phianódóir ab ea Bell: bhí a mháthair bodhar agus mhúin a athair daoine bodhra, rud a rinne Bell é féin agus é i Meiriceá. Nuair a bronnadh duais air ó rialtas na Fraince ar son gaisce in eolaíocht leictreach in 1880, d’úsáid sé an t-airgead duaise le Saotharlann Volta a bhunú, institiúid a bhí tiomanta do staidéar ar an bhodhaire agus d'fheabhsú shaol na ndaoine bodhra.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

pianódóir – pianist

bodhaire - deafness

Cothrom an Lae - 9 Márta (Baile Átha Cliath)

Épisode 9

jeudi 9 mars 2023Durée 02:03

Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge

*

Inniu an naoú lá de mhí an Mhárta. Is mise Liam Ó Brádaigh.

Cothrom an lae seo sa bhliain 1959, tharraing seoladh an chéad bhábóg Barbie go leor poiblíochta ag Aonach Bréagán Idirnáisiúnta Mheiriceá Thuaidh i Nua Eabhrach. Chruthaigh an bhean ghnó, Ruth Handler, an bhábóg íocónach don chomhlacht bréagán, Mattel, agus margaíodh Barbie do chailíní óga mar mhainicín faisin sna déaga. De réir an lucht cáinte, cuireann dearadh na bábóige corpíomhá neamhréadúil chun cinn do pháistí. In ainneoin na gcáintí seo, is iad Barbie agus a buachaill, Ken, dhá cheann de na bréagáin is mó tóir orthu ar domhan. Meastar go bhfuil breis agus billion bábóg Barbie díolta go dtí seo ar fud an domhain.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

mainicín faisin - fashion model

corpíomhá neamhréadúil - unrealistic body image


Podcasts Similaires Basées sur le Contenu

Découvrez des podcasts liées à Nuacht Mhall. Explorez des podcasts avec des thèmes, sujets, et formats similaires. Ces similarités sont calculées grâce à des données tangibles, pas d'extrapolations !
Podcast Future Ready Leadership With Jacob Morgan
Podcast The Deal with Alex Rodriguez and Jason Kelly
Podcast Behind The Athletes
© My Podcast Data